Íocaíocht a iarchur

Tairseach ioncaim arna choigeartú ag morgáiste

Feidhmíonn an chatagóir iarchurtha seo ar bhealach cosúil leis an gcatagóir ‘tairseach ioncaim’. Mar sin féin, tá tairseacha ioncaim sa chatagóir seo níos airde i gcás ina n-íocann éilitheoir ús morgáiste ar a príomháit chónaithe nó más é an t-aon teach atá acu.

Féadfaidh úinéirí-áititheoirí a íocann ús morgáiste na tairseacha ioncaim chaighdeánacha a mhéadú. Féadtar na tairseacha ioncaim a mhéadú faoi 80% den ús comhlán dóchúil sa bhliain chuí. Chun leas a bhaint as an gcatagóir iarchurtha seo, ní mór go raibh an morgáiste tógtha amach roimh 1 Samhain 2020. Ní fhéadtar leas a bhaint as an gcatagóir iarchurtha seo má thóg tú amach do mhorgáiste tar éis 1 Samhain 2020. Ar an gcoinníoll gur tógadh amach do mhorgáiste roimh an 1 Samhain 2020, féadtar an iarchur seo a éileamh má chomhlíontar na critéir.

Má d'éiligh tú an t-iarchur seo roimhe seo, ní mór duit Tuairisceán nua CMÁ a thíolacadh faoin 7 Samhain 2025. Clúdaíonn an tuairisceán seo na blianta 2026 go 2030. Má tá tú fós incháilithe le haghaidh iarchur, féadtar é sin a éileamh ar do Thuairisceán CMÁ.

Féadtar an iarchur seo a éileamh ar bhonn féinmheasúnaithe. Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim éilimh a roghnú chun críocha fíorúcháin, áfach.

Chun an t-iarchur seo a éileamh, ba chóir duit meastachán ar an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • d’ioncam comhlán a bhfuiltear ag súil leis don bhliain sula mbeidh an CMÁ iníoctha
  • agus
  • an suim úis mhorgáiste ar cosúil go n-íocfaidh tú faoi dheireadh na bliana sin.
Tairseacha chun iarchur iomlán nó iarchur i bpáirt a éileamh
Duine dliteanach (úinéirí-áititheoirí amháin)Chun bheith incháilithe le haghaidh iarchur iomlán, ní
mór nach mó an t-ioncam comhlán ná
Chun bheith incháilithe le haghaidh iarchur i bpáirt
(50%), ní mór nach mó an t-ioncam comhlán ná
Duine singil nó
baintreach, le morgáiste
€25,000 + 80%
d’íocaíochtaí comhlán úis ar mhorgáiste measta
€40,000 + 80%
d’íocaíochtaí comhlán úis ar mhorgáiste measta
Lánúin, le morgáiste €40,000 + 80%
d’íocaíochtaí comhlán úis ar mhorgáiste measta
€55,000 + 80%
d’íocaíochtaí comhlán úis ar mhorgáiste measta

Tabhair do d'aire

Tagraíonn íocaíochtaí úis ar mhorgáiste sa tábla thuas d’ús measta a íocfaidh tú sa bhliain chuí. Is í an ‘bhliain chuí’ an bhliain roimh an bhliain ina dtagann an CMÁ do do mhaoin de bheith iníoctha. Tá tuilleadh eolais ar fáil sa doiciméad Treoirlínte chun íocaíocht CMÁ a iarchur.

Cén chaoi le hiarratas a dhéanamh ar an gcatagóir iarchurtha seo

Tá an rogha ann iarratas a dhéanamh ar iarchar ioncaim ar an Tuairisceán CMÁ. Má tá to Thuairisceán CMÁ tíolactha agat cheana féin, ach gur mian leat anois iarratas a dhéanamh ar iarchur, ba chóir duit d’iarratas a thíolacadh trí M'Fhiosruithe nó tríd an bpost chuig:

SAORPHOST
Brainse CMÁ
BOSCA OP 1
Luimneach.

Ar aghaidh: Ionadaí pearsanta do dhuine faoi dhliteanas atá éagtha