Do mhaoin a luacháil
Athruithe maidir le luacháil
Is é an luacháil féinmheasúnaithe a chuirtear ar do mhaoin amhail an 1 Samhain 2025 a chinneann do mhuirear Cánach Maoine Áitiúla (CMÁ) do na blianta 2026 go 2030. Ní gá duit do luacháil a nuashonrú arís go dtí an 1 Samhain 2030. Mar shampla, má chuireann tú síneadh le do mhaoin in 2027, ní gá duit do luacháil a nuashonrú go dtí an 1 Samhain 2030.
Ní bheidh tionchar ag aon mhéadú nó laghdú ginearálta i bpraghsanna maoine le linn na tréimhse 2026 go 2030 ar do mhuirear CMÁ.
Sampla
Thíolaic Máire a Tuairisceán CMÁ ar an 7 Samhain 2025 agus roghnaigh sí banda luachála CMÁ 3 dá maoin (€315,001 go €420,000). Bhí an banda luachála seo bunaithe ar luach a maoine amhail an dáta luachála, an 1 Samhain 2025. Bhí Máire sásta gur luacháil réasúnach agus mhacánta a bhí ann. Rinne sí tagairt d'uirlis luachála idirghníomhach na gCoimisinéirí Ioncaim chomh maith leis an gClár Praghsanna Réadmhaoine Cónaithe chun a banda luachála a chinneadh.
In 2028, cheap Máire gur chóir luacháil a maoin anois a bheith timpeall €500,000 mar gheall ar ardú pragsanna maoine ina ceantar. Ní gá do Mháire a luacháil a leasú mar is é an dáta luachála don CMÁ ná an 1 Samhain 2025. Léirigh an banda luachála a roghnaigh sí luach a maoine amhail an 1 Samhain 2025 agus is é sin atá fós i gceist go dtí 1 Samhain 2030.
Sínigh isteach ar CMÁ ar líne
Íoc do CMÁ le haghaidh 2018, tíolaic do thuairisceáin nó priontáil d’admháil le haghaidh íocaíocht ar líne.
-
Ábhair ghaolmhara