Do mhaoin a luacháil
Céard atá le cur san áireamh i do luacháil
Maoine a bhfuil talamh agus foirgnimh eile bainteach leo
Nuair a dhéanann tú do mhaoin a luacháil, ba chóir duit luach na tailte agus na bhfoirgneamh eile a bhfuil bainteach le do mhaoin a chur san áireamh. Áirítear leis seo tailte nó foirgnimh a bhfuil cuspóir baile nó cónaithe acu, nó a thugann taitneamhacht don mhaoin, ar nós:
- clós, gairdín nó paitió
- cabhsán nó spás páirceála
- garáiste, cró nó teach gloine
- seomra sa ghairdín nó oifig bhaile.
Ba chóir duit talamh suas le hacra amháin (0.4047 heicteár) a luacháil. Má tá an talamh a bhaineann le do mhaoin níos mó ná acra amháin, ba chóir duit an chuid is oiriúnaí chun taitneamh a bhaint as an maoin a luacháil Go ginearálta is é seo an talamh is cóngaraí don mhaoin, mar shampla an talamh a úsáidtear mar ghairdín.
Céard nach gá duit a chur san áireamh i do luacháil
Ní gá duit luach a chur ar:
- talamh atá tadhlach le teach feirme a úsáidtear mar thalamh feirme
- nó
- cróite a úsáidtear chun críocha feirmeoireachta, mar shampla iad siúd a úsáidtear chun féar a stóráil nó ainmhithe feirme a choinneáil.
'Árasáin muintire'
Caitear le cuid de fhoirgneamh, atá in úsáid nó atá oiriúnach le húsáid mar áit chónaithe, mar mhaoin chónaithe ar leithligh. Mar shampla, meastar gach árasán féinchuimsitheach i bhfoirgneamh mar mhaoin chónaithe ar leithligh a bhfuil a dhliteanas féin Cánach Maoine Áitiúla (CMÁ) i gceist leis. Sa chás seo, ní mór gach árasán aonair a luacháil ar leithligh chun críocha CMÁ.
Mar sin féin, má tá tú i d'úinéir ar 'árasán muintire', féadfaidh tú é seo a luacháil mar chuid den mhaoin atá tadhlach leis. Ní an chóireáil seo infheidhme ach amháin nuair atá úinéireacht agat ar an dá rud, an t-árasán muintire agus an mhaoin tadhlach. Tá sé riachtanach go dtabharfaidh tú sonraí maidir le leagan amach na maoine agus a húinéireacht do na Coimisinéirí Ioncaim.
Chun tuilleadh eolais a fháil, féach an Tax and Duty Manual Part 01-01.
Ar aghaidh: An chaoi le do mhaoin a luacháil