Do mhaoin a luacháil
Bandaí agus rátaí luachála
Gearrtar Cáin Mhaoine Áitiúil (CMÁ) de réir an bhanda luachála a bhaineann le do mhaoin amhail an 1 Samhain 2025. Má tá do mhaoin luacháilte faoi bhun €2.1 milliún, ní mór duit an banda luachála cuí a roghnú do do mhaoin ar do Thuairisceán CMÁ.
Léirítear sa tábla thíos an ráta a bhaineann le gach ceann de na 19 bhanda do mhaoine ar luach suas le €2.1 milliún.
Bandaí luachála agus bunrátaí don tréimhse luachála ó 2026 go 2030
|
Uimhir an bhanda luachála
|
Banda luachála €
|
Muirear CMÁ ag an mbunráta €
|
1
|
0 – 240,000
|
95
|
2
|
240,001 – 315,000
|
235
|
3
|
315,001 – 420,000
|
333
|
4
|
420,001 – 525,000
|
428
|
5
|
525,001 – 630,000
|
523
|
6
|
630,001 – 735,000
|
618
|
7
|
735,001 – 840,000
|
713
|
8
|
840,001 – 945,000
|
808
|
9
|
945,001 – 1,050,000
|
903
|
10
|
1,050,001 – 1,155,000
|
998
|
11
|
1,155,001 – 1,260,000
|
1,094
|
12
|
1,260,001 – 1,365,000
|
1,272
|
13
|
1,365,001 – 1,470,000
|
1,535
|
14
|
1,470,001 – 1,575,000
|
1,797
|
15
|
1,575,001 – 1,680,000
|
2,060
|
16
|
1,680,001 – 1,785,000
|
2,322
|
17
|
1,785,001 – 1,890,000
|
2,585
|
18
|
1,890,001 – 1,995,000
|
2,847
|
19
|
1,995,001 – 2,100,000
|
3,110
|
Ní ríomhtar an muirear CMÁ ar mhaoin le luach margaidh níos mó ná €2.1 milliún ó bhanda luachála. Tá sé bunaithe ar luach margaidh na maoine. Ríomhtar an muirear CMÁ le haghaidh na maoine mar shuim den mhéid seo a leanas:
- 0.0906% den chéad €1.26 milliún de luach margaidh dearbhaithe na maoine
- 0.25% den chuid den luach margaidh dhearbhaithe os idir €1.26 milliún agus €2.1 milliún
- agus
- 0.3% den chuid den luach margaidh dearbhaithe os cionn €2.1 milliún.
Má tá do mhaoin luacháilte os cionn €2.1 milliún, ní mór duit luach margaidh sonrach a dhearbhiú do do mhaoin ar do Thuairisceán CMÁ.
Fachtóir Coigeartaithe Áitiúil
Féadann gach Údarás Áitiúil an ráta CMÁ a mhéadú nó a laghdú suas le 15% ón mbonnráta. Ciallaíonn sé seo go bhféadfadh an muirear CMÁ do bhanda luachála do mhaoine a bheith difriúil ó bhunráta an mhuirir CMÁ. Tugtar an 'Fachtóir Coigeartaithe Áitiúil' air seo.
Féadfaidh tú féachaint ar an bhFachtóir Coigeartaithe Áitiúil do gach Údarás Áitiúil do 2026 sa tábla thíos. De mhalairt air sin, féadfaidh tú áireamhán CMÁ ar líne na gCoimisinéirí Ioncaim a úsáid chun do mhuirear CMÁ a ríomh le haghaidh 2026.
Méadú nó laghdú céatadáin Údaráis Áitiúil ar an mbunráta CMÁ
|
Údarás Áitiúil
|
Méadú nó laghdú céatadáin ar an mbunráta 2026
|
Comhairle Contae Cheatharlach
|
+15%
|
Comhairle Contae an Chabháin
|
+15%
|
Comhairle Contae an Chláir
|
+15%
|
Comhairle Cathrach Chorcaí
|
+12%
|
Comhairle Contae Chorcaí
|
+15%
|
Comhairle Contae Dhún na nGall
|
+15%
|
Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath
|
0%
|
Comhairle Contae Dhún Laoghaire–Ráth an Dúin
|
-15%
|
Comhairle Contae Fhine Gall
|
-5%
|
Comhairle Cathrach na Gaillimhe
|
+15%
|
Comhairle Contae na Gaillimhe
|
+15%
|
Comhairle Contae Chiarraí
|
+10%
|
Comhairle Contae Chill Dara
|
+10%
|
Comhairle Contae Chill Chainnigh
|
+15%
|
Comhairle Contae Laoise
|
+15%
|
Comhairle Contae Liatroma
|
+15%
|
Comhairle Cathrach & Contae Luimnigh
|
+15%
|
Comhairle Contae an Longfoirt
|
+15%
|
Comhairle Contae Lú
|
0%
|
Comhairle Contae Mhaigh Eo
|
+10%
|
Comhairle Contae na Mí
|
0%
|
Comhairle Contae Mhuineacháin
|
+15%
|
Comhairle Contae Uíbh Fhailí
|
+15%
|
Comhairle Contae Ros Comáin
|
+15%
|
Comhairle Contae Shligigh
|
+15%
|
Comhairle Contae Bhaile Átha Cliath Theas
|
-7.5%
|
Comhairle Contae Thiobraid Árann
|
+15%
|
Comhairle Cathrach & Contae Phort Láirge
|
+15%
|
Comhairle Contae na hIarmhí
|
+15%
|
Comhairle Contae Loch Garman
|
+15%
|
Comhairle Contae Chill Mhantáin
|
+6%
|
Ar aghaidh: Céard atá le cur san áireamh i do luacháil
Sínigh isteach ar CMÁ ar líne
Íoc do CMÁ le haghaidh 2018, tíolaic do thuairisceáin nó priontáil d’admháil le haghaidh íocaíocht ar líne.
-
Ábhair ghaolmhara