Do mhaoin a luacháil

Maoine atá anois faoi dhliteanas a luacháil

Féadfaidh sé go mbeidh do mhaoin nuathógtha nó athchóirithe faoi dhliteanas na Cánach Maoine Áitiúla (CMÁ) in 2027.

Tá do mhaoin nua-dhliteanach le haghaidh CMÁ in 2027 más rud é:

  • gur maoin chónaithe nuathógtha í a cuireadh i gcrích tar éis an 1 Samhain 2025, agus ar, nó roimh, an 1 Samhain 2026
  • nó
  • gur tháinig sí de bheith áitithe, nó de bheith feiliúnach le húsáid mar áit chónaithe tar éis an 1 Samhain 2025, agus ar, nó roimh, an 1 Samhain 2026.

Chun a fháil amach an bhfuil do mhaoin faoi dhliteanas anois, féach Maoine a thagann de bheith faoi dhliteanas CMÁ.

Má tháinig do mhaoin de bheith faoi dhliteanas, ní mór duit an mhaoin a luacháil amhail is go raibh sí ann agus lánchríochnaithe, ar an 1 Samhain 2025. Nuair a bheidh luach do mhaoine cinnte agat, ní mór duit:

  • do luacháil a thíolacadh mar chuid de do thuairisceán CMÁ ar, nó roimh, an 2 Nollaig 2026
  • agus
  • socruithe a dhéanamh chun do mhuirear CMÁ do 2027 a íoc.

Braitheann an chaoi a luachálann tú do mhaoin ar cibé an bhfuil sí nuathógtha, nó nua-athchóirithe go caighdeán ináitrithe.

Maoine cónaithe nuathógtha

Chun do mhaoin nuathógtha a luacháil amhail an 1 Samhain 2025, féadtar fachtóir lascaine na gCoimisinéirí Ioncaim nó foinsí eile eolais a úsáid.

Foinsí eile eolais

I gcásanna áirithe, d'féadfadh sé a bheith deacair féinmheasúnú a dhéanamh ar an luach margaidh. I gcásanna mar sin, ba chóir duit féachaint ar fhoinsí eile eolais de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim nó ar fhoinsí seachtracha chun cabhrú leat do mhaoin a luacháil amhail an 1 Samhain 2025. Féadtar tagairt a dhéanamh do na foinsí eolais seo a leanas:

  • Uirlis luachála idirghníomhach na gCoimisinéirí Ioncaim.
  • An Clár Praghsanna Réadmhaoine Cónaithe. Má tá tú ag déanamh tagairt do phraghsanna maoine nuathógtha ar an gclár, ba chóir duit Cáin Bhreisluacha (CBL) a chur leis ag 13.5%.
  • Eolas ó ghníomhairí eastáit áitiúla.
  • Suíomhanna idirlín díolacháin maoine tráchtála, amhail daft.ie agus myhome.ie.

Nuair atá tú ag féachaint ar na foinsí thuas, ba chóir duit comparáid a dhéanamh idir maoine atá cosúil le do cheann féin. Mar shampla, ba chóir duit comparáid a dhéanamh idir maoine ó thaobh cineál, méid agus aois de. Níor chóir duit brath ar dhíolachán amháin ar leith. Ina ionad sin, ba chóir duit líon díolachán cuí gar don 1 Samhain 2025 a mheas.

Maoine nua-ináitrithe

Is é comhairle na gCoimisinéirí Ioncaim ná nár chóir an factóir lascaine a úsáid chun luach a chur ar mhaoine athchóirithe. Ríomhtar an fachtóir lascaine ag baint úsáide as saintréithe praghais a bhaineann le maoin atá go hiomlán nua. Ina áit sin, téigh i gcomhairle leis na 'Faoinsí eile eolais' thuas chun an luach a bheadh infheidhme maidir le do mhaoin ar an 1 Samhain 2025 a chinneadh.

Sampla 1

Is í Deirdre úinéir maoine a bhí do-áitrithe roimhe seo. Ar an 1 Samhain 2025, bhí an mhaoin neamháitithe. Ní raibh aon uisce reatha ná leictreachas ann agus bhí cuid den díon tite isteach. Ní raibh an mhaoin faoi dhliteanas CMÁ le haghaidh 2026.

Thosaigh Deirdre ag athchóiriú na maoine i mí Eanáir 2026. Cuireadh an t-athchóiriú i gcrích i mí Mheán Fómhair 2026. Toisc go raibh an mhaoin feiliúnach le húsáid mar áit chónaithe ar an 1 Samhain 2026, beidh sí faoi dhliteanas CMÁ do 2027.

Chuaigh Deirdre i gcomhairle leis an gClár Praghsanna Réadmhaoine Cónaithe maidir le hidirbhearta maoine ina ceantar thart ar an 1 Samhain 2025. Fuair Deirdre amach gurbh é €400,000 meánphraghas maoine inchomparáide. Mar sin, tíolacann Deirdre Banda 3 (€315,001-€420,000) ar a Tuairisceán CMÁ.

Ar aghaidh: Fachtóirí a d'fhéadfadh tionchar a imirt ar luacháil