Treoir maidir le féinmheasúnú

Céard is réamhcháin ann?

Is éard is réamhcháin ann ná an meastachán a dhéanann tú den Cháin Ioncaim, Árachas Sóisialach Pá-Choibhneasta (ÁSPC) agus an Muirear Sóisialach Uilíoch (MSU) a bhfuil coinne agat a íoc don bhliain chánach. Ní mór duit é seo a íoc roimh 31 Deireadh Fómhair den bhliain chánach atá i gceist.

Ní mór duit a chinntiú nach ngearríocann tú do réamhcháin, nó féadfaidh sé go ngearrtar ús ort. Ní mór an méid réamhcháin don bhliain a bheith cothrom le, nó níos mó ná, an tsuim is lú do na suimeanna a leanas:

  • 90% den cháin atá dlite don bhliain chánach sin
  • 100% den cháin atá dlite don bhliain chánach díreach roimhe seo
  • 105% den cháin atá dlite don bhliain chánach roimh an bliain chánach díreach roimhe seo (ar a dtugtar an ‘bliain roimhe seo arís’ go minic). Níl an rogha sin ar fáil ach amháin go n-íocann tú trí dochar díreach. Níl sé i bhfeidhm má bhí an cáin dhlite don bhliain roimhe seo arís nialasach.

D’íocaíochtaí déanacha, gearrfar ús ort as gach lá (nó cuid de lá) tar éis an spriocdháta.

Cén chaoi réamhcháin a íoc

Féadfaidh tú do réamhcháin a íoc trí:

Tabhair do d’aire

Ní ghlactar ach le cártaí dochair agus creidmheasa VISA agus MasterCard.

Réamhcháin i do chéad bhliain

Féadfaidh sé nach mbeidh íocaíocht réamhchánach ag teastáil don chéad bhliain más cáiníocóir féinmheasúnaithe tú.  Agus tú sa chéad bhliain den chóras féinmheasúnaithe, féadtar ceachtar díobh seo a leanas a roghnú:

  • réamhcháin de 100% de dhliteanas na bliana roimhe sin. De ghnáth, ní bheidh ort réamhcháin a íoc leis an rogha seo. Tarlaíonn sé seo toisc gurb iondúil gur dliteanas ‘náid’ a bheadh agat i do chéad bhliain.
  • réamhcháin de 90% de do cháin atá dlite don bhliain chánach reatha a íoc. Laghdóidh sé seo an tsuim chánach nach mór duit a íoc an bhliain dá éis sin. 

Ar aghaidh: An córas íoca agus tíolactha – cén chaoi a n-oibríonn sé?