Dochar díreach míosúil

Scéim dochair dhírigh athraitheach

Tugadh isteach scéim dochair dhírigh athraithigh do Cháin Ioncaim Fostóira i mí Eanáir 2019.

Faoin scéim dochair dhírigh athraitheach, faigheann na Coimisinéirí Ioncaim cead luach do dhliteanais mhíosúil iarbhír a iarraidh.

Féadtar iarratas a dhéanamh dochar díreach athraitheach a bhunú le haghaidh Cáin Ioncaim Fostóra le Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS).

Má tá dochar díreach seasta bunaithe agat faoi láthair, is gá é seo a chealú roimh dhochar díreach athraitheach nua a bhunú. Cinnteoidh sé seo nach n-iarrann na Coimisinéirí Ioncaim ach aon íocaíocht amháin ó do bhanc.

Nuair a bheidh dochar díreach athraitheach bunaithe agat níl aon dualgas ort íocaíocht ar leithligh a dhéanamh trí aon mhodh eile íocaíochta, mar shampla Treoir Dhochair ROS. Beidh suim an dochair dhírigh athraithigh atá le hasbhaint cothrom le suim iarbhír do dhliteanais mhíosúil atá amuigh.

Íocaíochtaí caillte nó neamhíoctha dochair dhírigh athraithigh i leith Cáin Ioncaim Fostóra

Féadfaidh sé go gcuirfidh do bhanc d’íocaíocht ar ais mar íocaíocht ‘neamhíoctha’.

Féadfaidh sé go ngearrfaidh na Coimisinéirí Ioncaim ús ar íocaíochtaí nach mbailítear go dtí go ndéantar íocaíochtaí ionaid  le cárta dochair nó cárta creidmheasa.

Féadann muid thú a bhaint ón scéim dochair dhírigh nuair nach n-íoctar íocaíochtaí dochair dhírigh.

Seoltóirí grúpa

Ní fhéadann seoltóirí grúpa ar mian leo Cáin Ioncaim Fostóra a íoc trí dhochar díreach ach an áis dochar díreach athraitheach  úsáid. Ní fhéadann seoltóirí grúpa dochar díreach seasta a bhunú chun Cáin Ioncaim Fostóra a íoc.

Féach ar na Téarmaí agus Coinníollacha le haghaidh tuilleadh eolais.

Ar aghaidh: Cáin Bhreisluacha (CBL)