Tuairisceán deireadh bliana an fhostóra (P35)

Cén chaoi le P35 a thíolacadh?

Tabhair do d’aire

Is í 2018 an bhliain deiridh a dteastaíonn P35 ina leith.

Ó 1 Eanáir 2019 ar aghaidh, tá an P35 díothaithe de réir Nua-Aoisiú ÍMAT.

Le heolas a fháil ar do riachtanais reatha, féach ar Dualgais fostóra ó 1 Eanáir 2019.

Tá dhá mhodh ar fáil duit chun tuairisceáin P35 a thíolacadh suas go 31 Nollaig 2018.

Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS)

Is bealach tapa agus slán é ROS chun do P35 a thíolacadh ar líne agus chun aon iarmhéid dlite a íoc. Má tá tú cláraithe le haghaidh ROS, féadtar P35 a uaslódáil go leictreonach le bogearraí párolla atá comhoiriúnach le ROS. Féadtar tíolacadh a dhéanamh ar líne i gcás párollaí láimhe.

Do chustaméirí a d'íoc agus a thíolaic le ROS, bhí síneadh curtha leis an spriocdháta tíolactha P35 go dtí an 23 Feabhra tar éis dheireadh na bliana cánach.

Tá sonraíocht ar fáil ó ROS do sholáthraithe bogearraí párolla, rud a chinntíonn go bhféadtar a gcórais a úsáid ar ROS. Seo thíos liosta de na soláthraithe párolla a chuir in iúl dúinn go bhfuil bogearraí comhoiriúnach le ROS acu.

Más ríomhthíolaiceoir éigeantach thú agus mura ndéanann tú tíolacadh agus íoc ar ROS, féadfaidh sé go ngearrfar pionós. Féach ar do dhualgais ríomhthíolactha éigeantaigh.

Tuairisceáin páipéir

Níl tuairisceáin páipéir ar fáil ach amháin do chustaiméirí nach ríomhthíolaiceoirí éigeantacha iad agus nach bhfuil teacht acu ar ROS. Má cheadaíodh duit tuairisceáin páipéir a thíolacadh, ba chóir na foirmeacha seo a leanas a bheith faighte agat:

Ní mór é seo a shíniú, dáta a chur air agus uimhir theagmhála a chur ar fáil.

  • P35LF – folaíonn sé seo sonraí de shochair incháinithe agus táirgí pinsin
  • P35L – folaíonn sé seo sonraí fostaithe a bhfuil Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (UPSP) acu
  • P35L/T – folaíonn sé seo sonraí fostaithe nach eol a n-uimhir PSP. Ní mór ainm iomlán, seoladh príobháideach, dáta breithe agus sloinne na máthar a chur ar fáil i leith na bhfostaithe seo.

Bhí na foirmeacha seo dlite le comhlánú agus tíolacadh le híocaíocht faoin 15 Feabhra tar éis dheireadh na bliana cánach.

Ar aghaidh: Cé a chuirtear san áireamh ar P35?