Tuairisceán deireadh bliana an fhostóra (P35)

Cé na sonraí eile is gá a chur san áireamh ar P35L?

Tabhair do d’aire

Is í 2018 an bhliain deiridh a dteastaíonn P35 ina leith.

Ó 1 Eanáir 2019 ar aghaidh, tá an P35 díothaithe de réir Nua-Aoisiú ÍMAT.

Le heolas a fháil ar do riachtanais reatha, féach ar Dualgais fostóra ó 1 Eanáir 2019.

Préimh árachais leighis incháilithe le haghaidh faoiseamh cánach íoctha ag fostóir

Má íocann tú árachas leighis mar shochar comhchineáil, ní mór an réimse seo a chomhlánú. Is é an tsuim atá incháilithe le haghaidh faoiseamh cánach ba chóir a chuir san áireamh ar an P35L, agus ní suim an chreidmheasa cánach atá dlite.

Fostaithe um Ordú Eisiaimh

Baineann sé seo le fostaithe a gcuirtear a ndualgais uile fostaíochta i gcrích thar lear. Rangófar an fostaí mar fhostaí neamhchónaitheach chun críocha Cánach Ioncaim sa bhliain áirithe sin. Mar fhostóir, féadann tú Ordú Eisiaimh Íoca Mar a Thuillir (ÍMAT) a iarraidh don fhostaí.

Leis an Ordú seo, tugtar treoir duit gan Cáin Ioncaim ná an Muirear Sóisialach Uilíoch (MSU) a asbhaint óna dtuilleamh. Ní mór duit iarratas ar an Ordú Eisiaimh ÍMAT a dhéanamh chun na gCoimisinéirí Ioncaim thar ceann an fhostaí.

Fostaí díolmhaithe ó Árachas Sóisialach Pá-Choibhneasa (ÁSPC) in Éirinn

Baineann sé seo le fostaithe atá díolmhaithe ó ÁSPC a íoc in Éirinn. Fad is atá na fostaithe ag fáil íocaíochtaí in Éirinn, tá siad clúdaithe le haghaidh árachas sóisialach i Stát sile. Níor chóir an marcóir díolúine a úsáid sa chás nach n-iarrtar ar dhuine ÁSPC a íoc ar aon chúis eile.

Díolúine ó MSU

Tá an marcóir seo i gceist fiú má tá fostaí díolmhaithe ó MSU a íoc ar a gcuid ioncaim. Ní mór d’fhostaithe a bhfuil a n-ioncam faoin tairseach chun MSU a íoc iarratas a dhéanamh ar dhíolúine MSU.

Seachtain 53

Tá sé seo i gceist nuair atá 53 lá pá seachtainiúla sa bhliain. Tarlóidh sé seo nuair a thiteann lá pá ar cheann díobh seo:

  • 31 Nollaig
  • 30 nó 31 Nollaig (i gcás bliain bhisigh).

Má cháilíonn fostaí le haghaidh 53 lá pá seachtainiúla, do 27 lá pá coicísiúla, nó do 14 lá pá gach ceithre seachtaine, roghnaítear an táscaire ‘Seachtain 53’.

Aisíocaíocht i leith Asbhainte Pinsean-Choibhneasta (APC)

Tarlaíonn sé seo nuair a fhágann fostaí d’fhostaíocht gan teidlíochtaí a thabhú chun sochar pinsin. Baineann an APC le gach seirbhíseach poiblí agus stáit. Tá aisíocaíochtaí den chineál sin faoi réir cáin ioncaim agus ÁSPC fostóra. Níl feidhm ag MSU ná ag ÁSPC fostaí le haisíocaíocht APC.

Uimhir rianaithe pinsin

Tá feidhm aige seo má oibríonn tú scéim cheadaithe pinsin ceirde. Faoin bpróiseas seo, cruthófar uimhir tagartha don Bhord Pinsin, agus ba chóir é seo a chur isteach ar an P35L. Ligfidh sé seo do lucht ionchasach scoir teidlíochtaí pinsin ó fhostaí éagsúla a rianú le linn a ngairme beatha.

Minicíocht phá an 31 Nollaig

Is é seo minicíocht pá an fhostaí a bhí i bhfeidhm an 31 Nollaig. Féadfaidh an mhinicíocht a bheith seachtainiúil, coicísiúil, gach ceithre seachtaine, míosúil, nó eile.

Ar aghaidh: Cén fhaisnéis faoi shochair a chuirtear ar P35?