Tuairisceán deireadh bliana an fhostóra (P35)

Cén chaoi lena ndéantar P35 leasaithe agus forlíontach a thíolacadh?

Tabhair do d’aire

Is í 2018 an bhliain deiridh a dteastaíonn P35 ina leith.

Ó 1 Eanáir 2019 ar aghaidh, tá an P35 díothaithe de réir Nua-Aoisiú ÍMAT.

Le heolas a fháil ar do riachtanais reatha, féach ar Dualgais fostóra ó 1 Eanáir 2019.

Nuair a bheidh an P35 bunaidh tíolactha, féadtar coigeartuithe a dhéanamh do na sonraí a soláthraíodh. Déantar é seo de bhun P35 leasaithe nó P35 forlíontach a thíolacadh.

Ba chóir P35 leasaithe a úsáid chun athbhreithniú a dhéanamh ar shonraí fostaí ar P35L a tíolacadh cheana féin. Is éard is P35L ann ná tuairisceán bliantúil pá fostóra, i leith gach fostaí, den mhéid seo a leanas:

Ní mór P35 forlíontach a úsáid nuair atá fostaí le cur leis an tuairisceán foriomlán a fágadh as an áireamh ar an P35 bunaidh.

Tíolacadh ar Sheirbhís ar Líne na gCoimisineirí Ioncaim (ROS)

Féadann tíolaiceoirí ROS P35 leasaithe nó forlíontach a thíolacadh ar líne nuair a bheidh an tuairisceán bunaidh P35 tíolactha agus próiseáilte.

Ba chóir go dtiocfadh an Dearbhú P35 leasaithe nó forlíontach i gcónaí leis na hathruithe a dhéantar ar thaifead P35L fostaí. Ba chóir na suimeanna ÍMAT, ÁSPC, MSU agus CMÁ a mhéadú nó a laghdú nuair is cuí.

Tíolacadh ar pháipéar

I gcás tíolaiceoirí páipéir, ba chóir P35 leasaithe nó litir ina sonraítear nádúir an leasaithe a chur ar ais sa phost. Ba chóir iad seo a sheoladh chuig an rannóg 'Ró-íocaíochtaí Fostóra & Leasuithe P35'.

Ba chóir P35 forlíontach, comhlánaithe ar stáiseanóireacht oifigiúil P35, a chur ar ais tríd an bpost chuig Rannóg an Ard-Bhailitheora.

M'Fhiosruithe

Bain úsáid as M’Fhiosruithe in moChúrsaí chun muid a chur ar an eolas faoi aon sonraí leasaithe nó forlíontacha P35 mar seo a leanas:

  • téigh chuig an leathanach ‘Cuir fiosrú nua leis’
  • faoi ‘Baineann m’Fhiosrú le’ roghnaigh ‘ÍMAT Fostóra’
  • agus faoi ‘Agus níos beaichte’ roghnaigh ‘leasuithe páipéir P35’.

Má tá aon fhiosruithe agat i ndáil le tíolacadh sonraí P35 leasaithe nó forlíontach, déan teagmháil leis an rannóg 'Ró-íocaíochtaí Fostóra & Leasuithe P35'.

Párollaí iomadúla a thíolacadh

Féadtar dhá phárolla nó níos mó a thíolacadh in éineacht. Féadtar é seo a dhéanamh ach comhaid iomadúla a roghnú ag an gcéim ‘Cuir comhad leis’. Cuirfear na suimeanna iomlána seo le chéile chun aon Dearbhú P35 bunaidh amháin a chruthú.

De rogha air sin, féadtar an dara comhad a chruthú mar P35 forlíontach ag deireadh na bliana. Féadtar an comhad forlíontach a uaslódáil nuair a bheidh na sonraí P35 bunaidh próiseáilte ag na Coimisinéirí Ioncaim. Is iondúil go dtógann sé 48 uair a chloig chun tuairisceán P35 a phróiseáil.

Athrú uimhreach clárúcháin

Má athraíonn d’uimhir clárúcháin fostóra le linn na bliana, ní mór duit P35 ar leithligh a thíolacadh le haghaidh gach uimhreach. Ríomh ÍMAT, ÁSPC, MSU agus CMÁ suas go dtí an dáta athraithe agus déan iad a thíolacadh faoin seanuimhir chlárúcháin. Ní mór na sonraí fanta a thíolacadh faoin uimhir nua.