Tuairisceán deireadh bliana an fhostóra (P35)

Cén fhaisnéis faoi shochair a chuirtear ar P35?

Tabhair do d’aire

Is í 2018 an bhliain deiridh a dteastaíonn P35 ina leith.

Ó 1 Eanáir 2019 ar aghaidh, tá an P35 díothaithe de réir Nua-Aoisiú ÍMAT.

Le heolas a fháil ar do riachtanais reatha, féach ar Dualgais fostóra ó 1 Eanáir 2019.

Íocaíochtaí (P35L) ón Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí (RCS)

Sochar Breoiteachta

Ón 1 Eanáir 2018, ní gá d’fhostóirí a thuilleadh íocaíochtaí Sochair Breoiteachta a áireamh mar chuid de phá an fhostaí.

Seolann an Roinn Coimirce Sóisialaí (RCS) sonraí faoin éileamh Sochair Breoiteachta go díreach chuig na Coimisinéirí Ioncaim. Eiseoidh muid deimhniú creidmheasanna cánach leasaithe chuig an bhfostóir cuí.

Níl aon ghá ach an oiread d’fhostóirí sonraí an tSochair Breoiteachta a áireamh ar fhoirmeacha P45, P60 nó P35L tar éis 31 Nollaig 2017.

Sochar máithreachais agus atharthachta

Níor chóir go n-áireofaí ar P35L an fhostaí aon sochair máithreachais ná atharthachta iníoctha ón RCS. Laghdófar creidmheasanna cánach agus scoithphointí bliantúla de chuid faighteoirí RCS de réir shuim an tsochair. Ciallaíonn sé go stopfar aon cháin bhreise i leith aon fhostaíochta nó pinsean nach pinsean de chuid an RCS é.

Cuirfear ar an eolas thú faoi na creidmheasanna cánach agus scoithphointí leasaithe ar Dheimhnithe Creidmheasanna Cánach (deimhnithe P2C).

Gearrtar cáin ar na sochair seo de chuid an RCS de bhun creidmheasanna cánach agus scoithphointí na bhfostaithe a laghdú. Ba chóir na figiúirí seo a chur as an áireamh ar na foirmeacha P35L, P45 nó P60.

Faisnéis sochar fostaithe

Is ar an P35L (ó 2017 ar aghaidh) agus ar an rannán P35LF den P35 a thuairiscítear faisnéis sochar fostaithe.

Ba chóir an fhaisnéis seo a leanas a thaifeadadh i leith gach fostaí agus a thuairisciú ar an P35L.

Íocaíochtaí scairbhunaithe comhlachta

Is éard atá i gceist leis seo ná íocaíocht trí scaireanna i gcomhlacht fostóra nó i gcomhlacht a rialaíonn an comhlacht fostóra. Tá an fhaisnéis seo san áireamh in ‘Pá incháinithe (an fhostaíocht seo)’.

Sochair incháinithe

Sochair neamhairgid is ea iad seo, mar shampla úsáid phríobháideach as carr comhlachta, iasachtaí tosaíochta nó cóiríocht fóirdheonaithe. Ní fholaíonn an tsuim seo íocaíochtaí scairbhunaithe comhlachta, ach folaíonn sé scaireanna i gcomhlachtaí eile nach comhlachtaí iad a rialaíonn do chomhlacht. Tá an fhaisnéis seo san áireamh in ‘Pá incháinithe (an fhostaíocht seo)’.

Déantar iomlán na sochair d’fhostaithe a thaifeadadh ar an P35LF. Folaíonn siad seo:

  • iomlán na sochar comhchineáil do gach fostaí, amhail árachas sláinte a íocann tusa thar ceann d’fhostaithe
  • líon iomlán na bhfostaithe atá ag íoc isteach i dtáirgí pinsin agus an tsuim iomlán a íocann na fostaithe seo. Chomh maith leis seo, folaítear líon iomlán na bhfostaithe a bhfuil íocaíocht déanta agat ina leith agus an tsuim iomlán a d’íoc tú. Folaíonn sé seo:
    • scéimeanna sochair scoir
    • Cuntais Coigiltis Scoir Pearsanta (cuntais CCSP)
    • Conarthaí Blianachta Scoir (conarthaí CBS).

Ar aghaidh: Cén chaoi lena ndéantar íocaíochtaí P35 agus aisíocaíochtaí a éileamh?