Tuairisceán deireadh bliana an fhostóra (P35)

Cén chaoi lena ndéantar íocaíochtaí P35 agus aisíocaíochtaí a éileamh?

Tabhair do d’aire

Is í 2018 an bhliain deiridh a dteastaíonn P35 ina leith.

Ó 1 Eanáir 2019 ar aghaidh, tá an P35 díothaithe de réir Nua-Aoisiú ÍMAT.

Le heolas a fháil ar do riachtanais reatha, féach ar Dualgais fostóra ó 1 Eanáir 2019.

Modhanna íocaíochta P35

Má tá tú ag tíolacadh P35 amuigh, ní mór gach íocaíocht iarmhéid dlite a thíolacadh leis an P35. Beidh ús inmhuirearaithe ar aon íocaíocht den chineál sin.

Aisíocaíochtaí a éileamh

Ní mór ró-íocaíochtaí P35 atá dlite le haghaidh aisíocaíochta a éileamh ar an Dearbhú P35 nó i scríbhinn. Sin nó ní phróiseáilfear aisíocaíocht nó fritháireamh. Ba chóir do thíolaiceoirí ROS aon ró-íocaíocht a éileamh tríd an réimse ‘Suim iomlán na haisíocaíochta’ a chomhlánú ar an Dearbhú P35 ar ROS. Cuirfear aisíocaíochtaí bailí chun sochair do chuntais bainc.

Meabhraítear duit sonraí do chuntais bainc a chlárú ach ‘Bainistigh cuntais bhainc’ a roghnú ar ROS. Mura gcláraítear sonraí do chuntais bainc, ní eiseofar aisíocaíocht. I gcás tíolaiceoirí páipéir, féadtar ró-íocaíocht a éileamh ach líne G a chomhlánú ar an Dearbhú P35.

Murar éilíodh aisíocaíocht nuair a bhí do thuairisceán á thíolacadh, bain úsáid as M’Fhiosruithe chun d’éileamh a thíolacadh, mar seo a leanas:

  • Téigh chuig an leathanach ‘Cuir fiosrú nua leis’
  • Faoi ‘Baineann m’fhiosrú le’, roghnaigh ‘ÍMAT Fostóra’
  • Faoi ‘Agus níos beaichte’, roghnaigh ‘Ró-íocaíochtaí ÍMAT Fostóra’.

De rogha air sin, féadtar aisíocaíocht a éileamh ach scríobh chuig an rannóg 'Ró-íocaíochtaí Fostóra & Leasuithe P35'.

Ní mór éileamh a dhéanamh taobh istigh de 4 bliana tar éis deireadh na tréimhse lena mbaineann an t-éileamh. Ní bheidh éilimh a dhéantar taobh amuigh den chreat ama seo aisíoctha nó fritháirithe in aghaidh dliteanais eile. Foráiltear dó faoi Alt 865 agus 865B den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997.

Ar aghaidh: Cén chaoi lena ndéantar P35 leasaithe agus forlíontach a thíolacadh?