Tuairisceán deireadh bliana an fhostóra (P35)

Céard iad na sonraí pá fostaithe a chuirtear ar an P35L?

Tabhair do d’aire

Is í 2018 an bhliain deiridh a dteastaíonn P35 ina leith.

Ó 1 Eanáir 2019 ar aghaidh, tá an P35 díothaithe de réir Nua-Aoisiú ÍMAT.

Le heolas a fháil ar do riachtanais reatha, féach ar Dualgais fostóra ó 1 Eanáir 2019.

Pá comhlán chun críocha an Mhuirir Shóisialaigh Uilíoch (MSU)

Cuir pá comhlán isteach anseo roimh aon asbhaintí a dhéanamh. Folaíonn pá comhlán gach pá, tuarastal, pá barúlach, bónas, ragobair, coimisiún agus pá saoire.

Ní mór MSU a oibriú ar an bpá comhlán roimh aon ranníocaíochtaí pinsin a asbhaint. Cuirtear as an áireamh gach íocaíocht ón Roinn Coimirce Sóisialaí (RCS) ó phá comhlán chun críocha MSU. Folaíonn sé seo Sochar Breoiteachta.

Pá incháinithe iomlán

Cuir pá comhlán isteach anseo, ach ná áirigh ann aon íocaíochtaí rialta a dhéanann an fostaí le ciste i leith pinsin (ranníocaíochtaí aoisliúntais). Tá na ranníocaíochtaí seo incheadaithe chun críocha Cánach Ioncaim agus asbhaineann an fostóir ón bpá iad. Ní mór na ranníocaíochtaí seo a dhéanamh le ciste nó scéim ceadaithe ag na Coimisinéirí Ioncaim.

Ní mór ÍMAT a oibriú ar an bpá incháinithe iomlán. Folaítear sochar breoiteachta incháinithe i bpá incháinithe iomlán chomh maith.

Pá comhlán chun críocha Árachais Shóisialaigh Pá-Choibhneasa (ÁSPC) an fhostaí

Cuir an pá comhlán isteach anseo, agus cuir pá barúlach (nó Sochair Chomhchineáil), san áireamh ann, más infheidhmithe. Tá ÁSPC go hiomlán inmhuirir ar íocaíochtaí a dhéanann an fostaí leis an méid seo a leanas:

  • scéimeanna aoisliúntais ceadaithe,
  • Cuntais Coigiltis Scoir Pearsanta (CCSP)
  • Cistí Ceadaithe ag na Coimisinéirí Ioncaim (cistí CCCI) 
  • scéimeanna ceadaithe buanárachais sláinte.

Féadtar Cáin Maoine Áitiúil (CMÁ) a áireamh le haghaidh fostaí ar fhógra Deimhniú Creidmheasanna Cánach (P2C). Má áirítear, ní mór CMÁ a asbhaint ó thuarastal an fhostaí chuí le linn chúrsa na bliana. Ag deireadh na bliana, ní mór suim an CMÁ asbhainte a chur san áireamh ar P35L an fhostaí. Ní mór suim iomlán an CMÁ asbhainte i leith gach fostaí a chur san áireamh ar an Dearbhú P35.

Ar aghaidh: Cé na sonraí eile is gá a chur san áireamh ar P35L?