Tuairisceán deireadh bliana an fhostóra (P35)

Cé a chuirtear san áireamh ar P35?

Tabhair do d’aire

Is í 2018 an bhliain deiridh a dteastaíonn P35 ina leith.

Ó 1 Eanáir 2019 ar aghaidh, tá an P35 díothaithe de réir Nua-Aoisiú ÍMAT.

Le heolas a fháil ar do riachtanais reatha, féach ar Dualgais fostóra ó 1 Eanáir 2019.

Fostaithe

Ba chóir taifead a bheith ar an P35 de gach duine aonair a d’fhostaigh tú ag tréimhse ar bith le linn na bliana cánach.

Stiúrthóirí

I gcás stiúrthóirí cuideachta teoranta, ní mór an méid seo a leanas (más infheidhmithe) a oibriú ar a gcuid pá:

Ag deireadh na bliana, ní mór P35 a thíolacadh. Ba chóir go léireofaí ann sonraí pá agus asbhaintí don stiúrthóir/do na stiúrthóirí agus gach fostaí.

Más cuideachta theoranta atá ann le stiúrthóirí dílseánaigh amháin agus mura n-íocann an chuideachta iad, ní mór P35 ‘nialasach’ a thíolacadh.

Daoine muinteartha

Má d'fhostaigh tú aon chomhalta clainne le linn aon tréimhse i rith na bliana, ní mór duit a bpá iomlán agus sonraí cánach a chur san áireamh ar an P35.

Fostaithe nua

I gcás aon fhostaithe nua a thosaigh le linn na bliana, níor duit a chur san áireamh ann ach amháin taifead a dtréimhse fostaíochta leatsa. I gcás tíolaiceoirí ar Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS), ba chóir aon taifead i leith a bhfostaíocht roimhe a chur san áireamh ar an P35 chomh maith.

Fostaithe ag fágáil

Ní mór aon fhostaí a scoir d’fhostaíocht leat le linn na bliana cánach a chur san áireamh ar an P35. Tá feidhm aige seo fiú murar íoc siad cáin an bhliain sin.

Fostaíocht athfhillteach

Féadfaidh sé go raibh fostaí á fhostú agat ar feadh breis agus tréimhse amháin le linn bliain chánach. Má bhí, ní mór a sonraí pá agus cánach do na tréimhsí seo a chur leis chun aon taifead aonair amháin a chruthú.

Fostaithe um Ordú Eisiaimh ÍMAT

Ba chóir fostaí a bhfuil Deimhniú um Ordaithe Eisiaimh ÍMAT acu agus a íoctar ó phárolla Éireannach a chur san áireamh ar an P35. Mura bhfuil feidhm ag an Ordú Eisiaimh ÍMAT ach amháin do chuid den bhliain, ní mór an táscaire Ordú Eisiaimh a roghnú.

Níor chóir fostaithe a bhfuil Deimhniú um Ordú Eisiaimh ÍMAT ach a íoctar ó phárolla eachtrach a chur san áireamh ar an P35.

Céard atá le déanamh mura bhfuil aon fhostaithe agam?

Féadfaidh sé nach raibh aon fhostaithe agat le linn na bliana cánach. Más ea, agus má tá tú cláraithe mar fhostóir leis na Coimisinéirí Ioncaim, ní mór duit P35 ‘nialasach’ a thíolacadh ag deireadh na bliana. Féadtar é seo a dhéanamh ar cheann díobh seo:

  • ROS – sa bhosca ‘Chun tuairisceán nialasach a thíolacadh, cliceáil Gan Aon Fhostaithe’
  • páipéar – trí ‘0’ a chur ar an Dearbhú P35.

Mura raibh fostaithe agat le linn na bliana cánach agus mura mbeidh aon fhostaithe agat amach anseo ach oiread, déan ceann díobh seo:

  • cealaigh do chlárúchán ar líne trí ROS
  • seol Foirm TRCN1 chugainn.

I gcás tíolaiceoirí páipéir, féadfaidh sé nach bhfuil duine de d’fhostaithe san áireamh ar an P35L. Más ea, ní mór a sonraí cuí a chur isteach ar líne bhán ar an P35L.

Ar aghaidh: Céard iad na sonraí pá fostaithe a chuirtear ar an P35L?