Fostaí a fhostú

Duine a fhostú a d'oibrigh sa Stát cheana

Tabhair do d'aire

Baineann an t-eolas ar an leathanach seo le dualgais reatha an fhostóra. Chun eolas a fháil ar dhualgais an fhostóra roimh an 1 Eanáir 2019, féach Employers Guide to (PAYE).

Ba chóir don fhostóir Fógra Párolla na gCoimisinéirí Ioncaim (FPCI) a iarraidh do fhostaí nua. Ní mór don fhostóir asbaintí cánach an fhostaí a ríomh bunaithe ar na sonraí a chuirtear ar fáil dóibh sa FPCI.

Tá dualgas ar an bhfostóir na Coimisinéirí Ioncaim a chur ar an eolas i leith aon fhostaí nua sa chás nach é chéad fhostaíocht an fhostaí sa Stát atá i gceist. Ba chóir don fhostóir dáta tosaithe an fhostaí nua a chur san áireamh sa chéad tíolacadh párolla don fhostaí nua sin.

An bonn cánachais éigeandála a fheidhmiú

Ní mór don fhostaí cáin a ghearradh ar fhostaí ar bhonn éigeandála sa chás nach bhfuil FPCI ar fáil le híoslódáil don fhostaí.

Féadfaidh sé seo tarlú sa chás:

Ar aghaidh: Duine a fhostú nár oibrigh sa Stát cheana