Fostaí a fhostú

Duine a fhostú nár oibrigh sa Stát cheana

Tabhair do d'aire

Baineann an t-eolas ar an leathanach seo le dualgais reatha an fhostóra. Chun eolas a fháil ar dhualgais an fhostóra roimh an 1 Eanáir 2019, féach Employers Guide to (PAYE).

Ní mór do dhuine nár oibrigh sa Stát cheana clárú ar dtús leis na Coimisinéirí Ioncaim le haghaidh moChúrsaí. Cuirfidh sé seo ar chumas na gCoimiséirí Ioncaim Deimhniú Creidmheasanna Cánach (DCC) a eisiúint don duine aonair. Cinnteoidh sé seo go n-asbhainfear an tsuim cheart Cánach Ioncaim agus Muirir Shóisialach Uilíoch (MSU) óna bpá.

Tá an fostaí nua freagrach as clárú le haghaidh cánach más é seo an chéad phost acu sa Stát. Tá eolas ar fáil in Do chéad phost a thosú chun treoir a thabhairt d’fhostaí i leith an méid nach mór dóibh a dhéanamh chun clárú leis na Coimisinéirí Ioncaim.

Ní mór don fhostóir na sonraí seo a leanas a thabhairt don fhostaí nua chun cabhrú leo a bpost a chlárú leis na Coimisinéirí Ioncaim:

  • uimhir thagartha cánach an fhostóra
  • dáta tosaithe an fhostaí
  • agus
  • miníocht íocaíochta an fhostaí.

Nuair a bheidh a bpost cláraithe ag an bhfostaí nua leis na Coimisinéirí Ioncaim ag baint úsáide as an tseirbhís Poist agus Pinsin, gheobhaidh siad DCC. Ansin, beidh an fostóir in ann Fógra Párolla na gCoimisinéirí Ioncaim (FPCI) a iarraidh don fhostaí nua. Ag brath ar an méid a threoraítear sa FPCI, ní mór don fhostóir cáin a ghearradh ar an bhfostaí de réir ceann díobh sea leanas:

Mura bhfuil an fostóir in ann Fógra Párolla na gCoimiséirí Ioncaim (FPCI) a íoslódáil don fhostaí, ní mór dóibh cáin a ghearradh ar an bhfostaí ar an mbonn éigeandála asbhaintí cánach.