Faisnéis ginearálta do dhaoine faoi mhíchumas

Creidmheasanna , faoisimh agus díolúintí

Tá eolas sna naisc seo a leanas maidir le creidmheasanna cánach , faoisimh agus díolúintí do chustaiméirí faoi mhíchumas:

Seirbhísí breise do chustaiméirí atá bodhar, nach bhfuil an éisteacht go maith acu, nó a bhfuil lagú radhairc orthu

Áiseanna do chustaiméirí atá bodhar nó nach bhfuil an éisteacht go maith acu

Tá closchórais lúb ionduchtúcháin suiteáilte againn chun cabhrú le húsáideoirí áiseanna éisteachta inár n-oifig i mBaile Átha Cliath.

Cuirfear seirbhís i leith ateangaire Teanga Chomharthaíochta na hÉireann ar fáil ar iarratas do chustaiméirí atá bodhar nó nach bhfuil an éisteacht go maith acu. Déan teagmháil le do Oifigeach rochtana chun an tseirbhís a shocrú.

Féadann daoine den phobal bodhar rochtain a fháil ar ár seirbhísí trí IRIS (Cianseirbhísí Ateangaireachta na hÉireann).

Tá an tseirbhís náisiúnta saor in aisce seo á cur ar fáil ag an tSeirbhís Ateangaireachta Teanga Comharthaíochta (SLIS).

Tá daoine bodhra in ann cumarsáid a dhéanamh le bhfoireann na Coimisinéirí Ioncaim ina dteanga féin (Teanga Chomharthaíochta na hÉireann) le hAteangaire Teanga Comharthaíochta na hÉireann ar an scáileán.

Chun coinne leis na Coimisinéirí Ioncaim a chur in áirithe le haghaidh na seirbhíse seo, seol ríomhphost chuig crioirishsignlanguage@revenue.ie nó déan teagmháil le hOifigeach rochtana.

Chun coinne Cianseirbhísí Ateangaireachta na hÉireann a chur in áirithe tríd an tSeirbhís Ateangaireachta Teanga Comharthaíochta:

Féadtar breathnú ar fhíseán Teanga Chomharthaíochta na hÉireann faoin tseirbhís seo ar an gcainéal YouTube.com/RevenueIreland.

 

 Áiseanna do chustaiméirí a bhfuil lagú radhairc orthu

  • Déanann muid iarracht seirbhís teileafóin a chur ar fáil atá chomh cuimsitheach agus is féidir, do chustaiméirí a bhfuil lagú radhairc orthu. Cinntíonn muid chomh maith go bhfuil a laghad comhfhreagrais agus foirmeacha le líonadh agus is féidir.
  • Tá seirbhís tacaíochta cánach ar fáil do chustaiméirí a bhfuil lagú radhairc orthu ach glaoch ar d’Oifigeach rochtana áitiúil de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim.

Oifigigh rochtana

Oifigigh rochtana freagrach as cabhair agus treoir a sholáthar nó a eagrú do dhaoine faoi mhíchumas atá ag iarraidh seirbhísí de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim a úsáid. Gníomhaíonn siad mar phointe rochtana do dhaoine faoi mhíchumas ar mian leo seirbhísí den chineál seo a úsáid.