Do mhaoin a luacháil
Léargas ginearálta
Gheobhaidh tú eolas sa rannán seo ar an gcaoi le do mhaoin a luacháil le haghaidh na Cánach Maoine Áitiúla (CMÁ).
Cáin fhéinmheasúnaithe is ea an CMÁ atá bunaithe ar do luacháil féin ar do mhaoin. Tá do mhuirear CMÁ bunaithe ar do luacháil maoine amhail an 1 Samhain 2025. Cinntíonn do luacháil ar do mhaoin ar an dáta seo do mhuirear CMÁ do na blianta 2026 go 2030.
Iarrtar ort do luacháil féinmheasúnaithe féin ar do mhaoin a thíolacadh chuig na Coimisinéirí Ioncaim ar do Thuairisceán CMÁ. Tá do Thuairisceáin CMÁ dlite faoin 7 Samhain 2025. Tá eolas sa tuairisceán seo ar na blianta 2026 go 2030.
Tabhair do d'aire
Ba é an dáta luachála deiridh don CMÁ ná an 1 Samhain 2021. Chinntigh do luacháil ar do mhaoin ar an dáta s do mhuirear CMÁ le haghaidh na mblianta 2022 go 2025. Le haghaidh tuilleadh eolais, féach Eolas ar CMÁ le haghaidh 2022 go 2025.
Braitheann an méid CMÁ a íocann tú ar mbanda luachála a roghnaíonn tú ar do Thuairisceán CMÁ. Lean ar aghaidh go dtí an chéad leathanach eile le haghaidh tuilleadh eolais.
Ar aghaidh: Bandaí agus rátaí luachála
Sínigh isteach ar CMÁ ar líne
Íoc do CMÁ le haghaidh 2018, tíolaic do thuairisceáin nó priontáil d’admháil le haghaidh íocaíocht ar líne.
-
Ábhair ghaolmhara
-
Treoir breise