Ríomh-thíolacadh agus ríomh-íocaíocht éigeantach

Ba chóir duit do thuairisceáin chánach a thíolacadh agus a íoc go leictreonach ar Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS). Féadtar leas a bhaint as síneadh ama ar spriocdhátaí reatha chun cáin a íoc agus tuairisceáin a thíolacadh sa chás go n-úsáideann tú ROS chun íocaíocht agus tíolacadh araon a dhéanamh.

Tá dualgas dlíthiúil ar mhórchuid mór chustaiméirí gnó na gCoimisinéirí Ioncaim chun ríomhthíolacadh agus ríomh-íocaíocht a dhéanamh. Mura n-úsáideann tú ROS chun do thuairisceáin a thíolacadh agus íocaíochtaí a dhéanamh, féadfaidh sé go mbeidh ort pionós a íoc. Tá pionós €1,520 ar gach idirbheart. 

Tá tuilleadh eolais ar fáil ar ríomh-Thíolacadh éigeantach sa rannán ar Ghnó a thosú.