An Tionscnamh Cathrach Beo (TCB)

Litir um Dheimhniú

Teastaíonn Litir Dheimhnithe uait chun faoiseamh a éileamh i leith oibreacha a dhéantar faoin gcuid is mó de na faoisimh TCB a bhaineann le maoin chónaithe. 

Eiseoidh an tÚdarás Áitiúil Litir Dheimhnithe d'oibreacha a dhéantar ina Limistéar Speisialta Athnuachana (LSA).   

Deimhníonn an Litir Dheimhnithe go gcomhlíonann na hoibreacha a cuireadh i gcrích rialacha TCB, lena n-áirítear go raibh:  

  • Rialacha pleanála agus rialacháin foirgníochta comhlíonta 
  • agus
  • go mbaineann na costais le hobair athchóirithe agus ath-fheistithe arna cheadú faoin Scéim.  

Cén chaoi le Litir um Dheimhniú a fháil

Is próiseas dhá chéim é Litir Dheimhnithe a fháil:

  1. Sula dtosaíonn tú ar aon oibreacha:
    • Déan iarratas chuig an údarás áitiúil ábhartha chun Litir Dheimhnithe a fháil.
    • Lorgóidh an t-údarás áitiúil eolas faoin mhaoin agus na hoibreacha atá beartaithe, lena n-áirítear cead pleanála.
    • Nuair a bheidh an t-údarás áitiúil sásta eiseoidh siad Uimhir Thagartha Uathúil (UTU) duit le haghaidh d'iarratas.  
  2. Tar éis na hoibreacha a bheith críochnaithe:
    • Déan teagmháil leis an údarás áitiúil agus lua an UTU.
    • Féadfaidh an t-údarás áitiúil sonraí a iarraidh maidir le hoibreacha athfheistithe nó athchóirithe agus costais ghaolmhara. Féadfaidh siad cuairt a thabhairt ar an láthair nó seiceálacha eile a dhéanamh.
    • Nuair a bheidh an t-údarás áitiúil sásta, eiseoidh siad Litir um Dheimhniú duit. 

Forbróirí agus Litreacha um Dheimhniú

Ba chóir d'fhorbróirí atá ag athfheistiú nó ag athchóiriú maoine chun iad a dhíol le duine eile iarratas a dhéanamh ar Litir Dheimhnithe ar an mbealach céanna.  

Nuair a dhíolann an forbróir an mhaoin, is gá:  

  • an Litir Dheimhnithe a thabhairt don úinéir nua 
  • agus
  • insint don úinéir nua cén céatadán de chostais an fhorbróra a bhain le hathchóiriú nó athfheistiú na maoine.  

Is féidir leis an úinéir nua faoiseamh TCB a éileamh. Beidh an caiteachas cáilitheach atá acu ina chuid den phraghas ceannaigh arna ríomh ag baint úsáide as an gcéatadán a sholáthraíonn an forbróir.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi Fhaoiseamh Úinéara-Áititheoir Chónaithigh, féach Tax and Duty Manual Part 10-13-01a. 

Chun tuilleadh eolais a fháil ar an bhFaoiseamh maidir le Cónaí os cionn an tSiopa, féach Tax and Duty Manual Part 10-13-01b.

Ar aghaidh: Faoiseamh Úinéara-Áititheoir chónaithigh a éileamh