An Tionscnamh Cathrach Beo (TCB)

Faoiseamh Úinéara-Áititheoir chónaithigh a éileamh

Má íocann tú do cháin faoin gcóras Íoc Mar a Thuillir (ÍMAT), úsáid moChúrsaí moChúrsaí chun éilemah a dhéanamh ar líne trí do Thuairisceán Cánach Ioncaim. Féadtar an chéad éileamh a dhéanamh tar éis dheireadh na chéad bhliana a bhfuil an faoiseamh ceadaithe duit.

Gheobhaidh tú faoiseamh i do chuid pá trí mhéadú i do chreidmheasanna cánach. Cuirfear creidmheas don Tionscnamh Cathrach Beo (TCB) i do Dheimhniú Creidmheasanna Cánach gach bliain do na blianta atá fágtha a bhfuil faoiseamh ar fáil ina leith.

Má dhéantar féinmheasúnú ort, bain úsáid as Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) chun éileamh a dhéanamh ar líne trí thuairisceán na Foirme 11 do gach bliain a mbaineann an faoiseamh leis.

Cé mhéad a fhéadtar a éileamh?

Ní fhéadtar faoiseamh a éileamh ach i leith an méid a chaitheann tú ar obair a chuireann tú i gcrích le linn na tréimhse incháilithe. Ní fhéadtar éileamh a dhéanamh i leith íocaíochtaí roimh ré le haghaidh ábhair nó obair nach gcuirfear i gcrích le linn na tréimhse incháilithe.

Féadfaidh tú maoin athchóirithe go díreach ó fhorbróir agus a bheith ar an gcéad duine le cónaí sa mhaoin. Más ea, féadfaidh tú an faoiseamh a éileamh.

Ní mór do do thógálaí a insint duit cén céatadán den chostas iomlán a bhaineann leis an athchóiriú. Tá sé seo ag teastáil chun an méid ceart faoisimh a éileamh.

Beidh ar an tógálaí an Litir Deimhnithe a thabhairt duit mar chruthúnas go bhfuil an teach incháilithe le haghaidh faoiseamh cánach faoin scéim. Ba chóir go mbeifeá in ann a léiriú go bhfuil na coinníollacha uile cuí comhlíonta agat agus go bhfuil tú i dteideal an fhaoisimh.

Cé na costais atá clúdaithe?

Ní fhéadtar faoiseamh a éileamh ach amháin i leith na gcostas díreach a bhaineann leis an athchóiriú. Áirítear sna costais seo:

  • ábhair thógála
  • fearas a fhruiliú
  • costais saothair
  • forchostais riaracháin
  • táillí ailtirí agus innealtóirí
  • péinteáil agus maisiúchán
  • agus
  • táillí údaráis áitiúil chun bonneagar agus seirbhísí áirithe a sholáthar a bhaineann go díreach leis an maoin.

Féadtar costas na míreanna thíos a éileamh má tá siad suiteáilte le linn an athchóirithe. Caithfidh siad a bheith mar chuid de chreatlach an fhoirgnimh freisin:

  • svuíteanna seomra folctha
  • urláir shocraithe
  • tíleanna
  • feistiú solais
  • tinteáin
  • agus
  • cisteanacha feistigh (gan fearais san áireamh).

Ní fhéadtar faoiseamh a éileamh ar tháillí dlí, ar tháillí gairmiúla eile nó ar Dhleacht Stampa a íocadh má cheannaíonn tú:

  • maoin athchóirithe
  • maoin a tiontaíodh.

Ní fhéadtar ach an Cháin Bhreisluacha (CBL) a d’íoc tú mar chuid de na costais cháilitheacha a chur san áireamh. Ní fhéadtar éileamh a dhéanamh i leith an fhaoisimh seo ar aon chuid CBL a bhfuil éileamh déanta ina leith cheana féin. Má chuireann tú an obair athchóirithe nó tiontaithe i gcrích tú féin, ní fhéadtar aon CBL a íocadh a éileamh ar ais.