An Tionscnamh Cathrach Beo (TCB)
Faoiseamh Úinéara–Áititheoir chónaithigh
Féadfaidh tú an faoiseamh seo a éileamh más úinéir agus áititheoir maoine cónaitheachta incháilithe thú.
Más tiarna talún thú, ní fhéadtar an faoiseamh seo a éileamh i leith maoine atá ligthe amach ar cíos agat. Féadfaidh tiarnaí talún a bheith in ann Faoiseamh Cónaithe ar Cíos a éileamh.
Más forbróir maoine thú, féadfaidh tú athchóiriú a chur i gcrích faoin scéim seo. Féadfaidh tú ansin an áit chónaithe a dhíol le duine a fhéadann faoiseamh a éileamh mar Úinéir-Áititheoir.
Ní fhéadtar éileamh a dhéanamh i leith airgead a caitheadh ar shíneadh ach amháin:
- má tógadh an síneadh roimh 1915
- má iarrtar ort gné a chur leis, amhail seomra folctha, le teach tréigthe mar gheall ar rialacháin foirgníochta.
Ní mór duit ar a laghad €5,000 a chaitheamh ar an bhfoirgneamh a athchóiriú le go bhféadtar cáiliú. Féadtar ansin 10% den chostas a éileamh mar asbhaint ó d’ioncam iomlán gach bliain ar feadh deich mbliana. Níl aon uasteorainn ar an méid a fhéadtar a chaitheamh.
Féadfaidh sé nach mbeidh tú in ann an faoiseamh 10% iomlán a éileamh in aon bhliain amháin más rud é nach bhfuil d’ioncam ard a dhóthain. Sa chás seo, ní fhéadtar an faoiseamh nár úsáideadh a thabhairt ar aghaidh agus cailltear é.
- Sampla 1
Tá teach ag Máire atá suite i Limistéar Speisialta Athnuachana (LSA). Caitheann Máire €32,000 ar a teach a athchóiriú le linn na tréimhse incháilithe. Féadfaidh sí as bhaint €3,200 a éileamh óna hioncam iomlán gach bliain ar feadh deich mbliana as a chéile.
Ag brath ar an ráta cánach a íocann Máire, féadfaidh sé go mbeidh sé de thoradh ar an €3,200 seo go mbeidh faoiseamh ann suas le €1,280 sa bhliain (€3,200 @ 40%).
Cé mhéad a fhéadtar a éileamh?
Ní fhéadtar faoiseamh a éileamh ach i leith an méid a chaitheann tú ar obair a chuireann tú i gcrích le linn na tréimhse incháilithe. Ní fhéadtar éileamh a dhéanamh i leith íocaíochtaí roimh ré le haghaidh ábhair nó obair nach gcuirfear i gcrích le linn na tréimhse incháilithe.
Féadfaidh tú maoin athchóirithe go díreach ó fhorbróir agus a bheith ar an gcéad duine le cónaí sa mhaoin. Más ea, féadfaidh tú an faoiseamh a éileamh.
Ní mór do do thógálaí a insint duit cén céatadán den chostas iomlán a bhaineann leis an athchóiriú. Tá sé seo amhlaidh d’fhonn an tsuim cheart den fhaoiseamh a éileamh.
Beidh ar an tógálaí an Litir Deimhnithe a thabhairt duit mar chruthúnas go bhfuil an teach incháilithe le haghaidh faoiseamh cánach faoin scéim. Ba chóir go mbeifeá in ann a léiriú go bhfuil na coinníollacha uile cuí comhlíonta agat agus go bhfuil tú i dteideal an fhaoisimh.
- Sampla 2
Ceannaíonn tógálaí maoin thréigthe ar €75,000. Caitheann sé €25,000 ar athchóiriú (costas iomlán €100,000). Díoltar an mhaoin iomlán athchóirithe ar €150,000.
Caitheann an tógálaí 25% dá chuid nó dá cuid costas iomlán ar an athchóiriú. Tráth an díola, deireann sé nó sí leat céard é an céatadán seo. Cuirfear é seo i bhfeidhm ar an bpraghas díola agus mar thoradh air tá éileamh iomlán €37,500 (€150,000 x 25%) ann i leith an fhaoisimh. Roinntear é seo go cothrom thar dheich mbliana (asbhaint €3,750 in aghaidh na bliana).
Céard iad na costais a chlúdaítear?
Ní fhéadtar faoiseamh a éileamh ach amháin i leith na gcostas díreach a bhaineann leis an athchóiriú. Áirítear sna costais seo:
- ábhair thógála
- fearas a fhruiliú
- costais saothair
- forchostais riaracháin
- táillí ailtirí agus innealtóirí
- péinteáil agus maisiúchán
- táillí údaráis áitiúil chun bonneagar agus seirbhísí áirithe a sholáthar a bhaineann go díreach leis an maoin.
Féadtar costas na míreanna thíos a éileamh má shuiteáiltear iad le linn an athchóirithe. Ní mór dóibh a bheith mar chuid de chreatlach an fhoirgnimh chomh maith:
- svuíteanna seomra folctha
- urláir shocraithe
- tíleanna
- feistiú solais
- tinteáin
- cistineacha feistithe (gan fearais san áireamh).
Ní fhéadtar faoiseamh a éileamh i leith táillí dlí, táillí nó gairmiúla, ná i leith dleacht stampa a íocadh. Má cheannaíonn tú ceachtar de na maoine seo:
- maoin athchóirithe
- maoin athraithe.
Ní fhéadtar ach an Cháin Bhreisluacha (CBL) a d’íoc tú mar chuid de na costais cháilitheacha a chur san áireamh. Ní fhéadtar éileamh a dhéanamh i leith an fhaoisimh seo ar aon chuid CBL a bhfuil éileamh déanta ina leith cheana féin. Má chríochnaíonn tú an obair athchóirithe tú féin, ní fhéadtar aon CBL a íocadh a aiséileamh.
Ar aghaidh: Faoiseamh cíosa cónaitheach agus faoiseamh cíosa tráchtálaFaoiseamh cíosa cónaitheach agus faoiseamh cíosa tráchtála