An Tionscnamh Cathrach Beo (TCB)

Sainmhínithe i dtaca leis an TCB

Limistéar Speisialta Athnuachana (LSA)

Is limistéar é LSA i gcathracha na hÉireann atá roghnaithe ag an Roinn Airgeadais don tionscnamh seo. Féach ar shuíomhanna idirlín na n-údarás áitiúil le teacht ar mhapaí ar a léirítear na LSAanna i ngach cathair:

Tá an faoiseamh cánach ann chun maoine reatha taobh istigh de LSA a athchóiriú nó a thiontú. Má cheannaíonn tú tógáil nua nó má thógann tú maoin as an nua, ní fhéadfaidh tú an faoiseamh a éileamh.

Féadfaidh sé gur maoin é teach, árasán, siopa, nó cineál eile struchtúir, agus féadfaidh sé go bhfuil an mhaoin uile, nó cuid den mhaoin, san áireamh ann.

Athfheistiú

Is athfheistiú maoine é aon obair a dhéanamh chun é a dheisiú nó a chóiriú. Áirítear leis seo an soláthar uisce nó áiseanna séarachais nó téimh a sholáthar nó a fheabhsú.

Athchóiriú

Tá sainmhínithe éagsúla ann ar céard is athchóiriú ann a bhaineann leis an bhFaoiseamh Cónaithe agus an Faoiseamh Tráchtála.

Don Fhaoiseamh Cónaithe Úinéara–Áititheora nó don Fhaoiseamh Cónaithe Cíosa, is athchóiriú é maoin neamhchónaithe a iompú isteach ina teach nó ina hárasán. Féadtar freisin maoin aonaid shingil a athrú isteach ina dhá aonad nó níos mó, nó maoin il-aonaid a athrú isteach ina haonad singil. Féadfaidh sé gur aonad é teach nó árasán.

Don Fhaoiseamh Tráchtála, ciallaíonn athchóiriú aon oibreacha a theastaíonn chun an mhaoin a dhéanamh oiriúnach le haghaidh:

  • earraí miondíola a dhíol
  • seirbhísí a sholáthar taobh istigh d’Éirinn amháin.

Áirítear leis seo an soláthar uisce nó áiseanna séarachais nó téimh a sholáthar nó a fheabhsú.

Áit chónaithe arb é an t-aon áit chónaithe é nó an phríomháit chónaithe é

Is é an t-aon áit chónaithe é, nó an phríomháit chónaithe é, an mhaoin a bhfuil cónaí ort ann, nó an mhaoin atá roghnaithe agat mar do phríomháit chónaithe.

Má tá dhá áit chónaithe agat, ní mór duit áit chónaithe amháin a roghnú chun bheith mar do phríomháit chónaithe. Ní mór duit na Coimisinéirí Ioncaim a chur ar an eolas i scríbhinn faoi do chinneadh. Féadfaidh sé go mbeidh tionchar aige seo ar do shuíomh cánach, go háirithe i gcás Faoisimh i leith Príomháit Chónaithe Phríobháideach.

Ar aghaidh: Sula dtosaíonn tú ar obair ar mhaoin chónaithe