An Tionscnamh Cathrach Beo (TCB)

Faoiseamh maidir le Cónaí os cionn an tSiopa

Tá an Faoiseamh maidir le Cónaí os cionn an tSiopa ar fáil do dhaoine nó do chuideachtaí:

  • a dhéanann foirgneamh inrátaithe a athchóiriú nó a athfheistiú i Limistéar Speisialta Athnuachana (LSA) le linn na tréimhse incháilithe
  • agus 
  • an mhaoin a ligean ar cíos le duine a bheidh ag cónaí ann. 

Coinníollacha don Fhaoiseamh maidir le Cónaí os cionn an tSiopa

Chun cáiliú:

  • Ní mór don mhaoin a bheith i LSA. 
  • Ní mór go raibh an mhaoin ina maoin inrátaithe roimh an athchóiriú nó an t-athfheistiú. 
  • Ní mór cuid den mhaoin a thiontú ina mhaoin chónaithe agus a bheith neamh-inrátaithe. 
  • Ní mór Litir Dheimhnithe a bheith agat ón údarás áitiúil. 
  • Ní mór duit an mhaoin a ligean ar cíos le duine a bheidh ag cónaí ann 
  • agus
  • ní mór do na costais athfheistithe nó athchóirithe a bheith níos mó ná €5,000.

Áirítear le foirgnimh inrátaithe iad sin atá faoi réir laghdú rátaí nó tarscaoileadh (mar shampla liúntas folúntais), chomh maith le foirgnimh lena bhfuil rátaí iníoctha.

Cén chaoi le héileamh a dhéanamh? 

Déantar faoiseamh a éileamh trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) ag baint úsáide as an Tuairisceán Cánach Ioncaim nó Cánach Corparáide don bhliain ina dtabhaítear an chaiteachas. 

ButtonLink

Ráta an fhaoisimh  

Tugtar faoiseamh mar liúntas caipitiúil in aghaidh  ioncam cíosa.  

Maidir le caiteachas cáilitheach:

  • Ó 2026 ar aghaidh:
    • Tugtar liúntais ag 50% in aghaidh na bliana ar feadh dhá bhliain.
    • Féadtar liúntais neamhúsáidte a thabhairt ar aghaidh in aghaidh ioncam cíosa ar feadh suas le 10 mbliana.   

Deontais  

Féadfaidh sé go bhfuil tú i dteideal deontas i leith an chostais do mhaoin a athchóiriú nó a athfheistiú. Nuair atá méid an fhaoisimh á ríomh agat, ní mór duit méid an deontais a fuarthas, nó atá infhaighte, a bhaint ó na costais cháilitheacha.  

Teorainneacha  

Tá an faoiseamh seo faoi réir na srianta ar infheisteoirí éighníomhacha agus na srianta ar shaothraithe ardioncaim.  

Tá an faoiseamh seo faoi réir rialachán de minimis. Ciallaíonn sé seo go bhfuil an faoiseamh uasta teoranta do €300,000 in aon tréimhse trí bliana. Cuimsíonn an teorainn seo aon chabhair eile (deontais nó faoiseamh cánach) ó fhoinsí de minimis.   

Tréimhse Cháilitheach  

Is é an dáta a thosaíonn an scéim TCB, nó an dáta a thosaíonn an LSA, tús na tréimhse cáilithí.  

Cuireadh tús leis na tréimhsí cáilitheacha le haghaidh Faoisimh maidir le Cónaí os cionn an tSiopa ar:  

Féadtar faoiseamh TCB a éileamh suas go dtí an 31 Nollaig 2030.   

Chun tuilleadh eolais a fháil ar an bhFaoiseamh maidir le Cónaí os cionn an tSiopa, féach Tax and Duty Manual Part 10-13-01b. 

Ar aghaidh: Faoiseamh Tráchtála