An Tionscnamh Cathrach Beo (TCB)

Faoiseamh Tráchtála

Tá Faoiseamh Tráchtála ann do dhaoine aonair nó cuideachtaí:

  • a dhéanann maoin a athchóiriú nó a athfheistiú i Limistéar Speisialta Athnuachana (LSA) le linn na tréimhse incháilithe
  • agus
  • a úsáideann í mar shiopa, oifig nó áitreabh eile chun seirbhísí a sholáthar in Éirinn.

Is féidir leat an mhaoin a úsáid i do ghnó féin nó í a ligean ar cíos le gnólacht eile. 

Coinníollacha le haghaidh Faoisimh Tráchtála

Chun cáiliú, ní mór na coinníollacha seo a leanas go léir a chomhlíonadh:

  • Ní mór don mhaoin a bheith i LSA. 
  • Ní mór don mhaoin a bheith in úsáid le haghaidh gnó miondíola nó chun seirbhísí a sholáthar.  
  • Ní mór duit an mhaoin a úsáid i do ghnó nó í a ligean ar cíos le gnólacht eile.
  • Ní mór do na costais athfheistithe nó athchóirithe a bheith níos mó ná €5,000.  

Níl aon teorainn aoise ar an maoin.  

Níl aon ghá le Litir Dheimhnithe.  

Cén chaoi le héileamh a dhéanamh

Déantar faoiseamh a éileamh trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) ag baint úsáide as an Tuairisceán Cánach Ioncaim nó Cánach Corparáide don bhliain ina dtabhaítear an chaiteachas.  

ButtonLink

Ráta an fhaoisimh  

Tugtar faoiseamh mar liúntais chaipitiúla. Má ligeann tú an mhaoin ar cíos, tugtar liúntais in aghaidh ioncam cíosa. Má úsáideann tú an mhaoin i do ghnó, tugtar liúntais i gcoinne ioncam trádála. 

Maidir le caiteachas cáilitheach:  

  • roimh 2026:
    • tugtar liúntais thar 7 mbliana ag: 
      • 15% ar feadh 6 bliana   
      • 10% i mbliain 7.   
    • féadtar liúntais neamhúsáidte a thabhairt ar aghaidh in aghaidh ioncam cíosa ar feadh suas le 7 mbliana.  
  • ó 2026 ar aghaidh:
    • tugtar liúntais ag 50% in aghaidh na bliana ar feadh dhá bhliain
    • féadtar liúntais neamhúsáidte a thabhairt ar aghaidh in aghaidh ioncam cíosa ar feadh suas le 10 mbliana.   

Deontais  

Féadfaidh sé go bhfuil tú i dteideal deontas i leith an chostais do mhaoin a athchóiriú nó a athrú. Nuair atá méid an fhaoisimh á ríomh agat, ní mór duit méid an deontais a fuarthas, nó atá infhaighte, a bhaint ó na costais cháilitheacha.  

Má tá éileamh á dhéanamh agat do 2025 nó níos luaithe, ní mór duit na costais cháilitheacha a laghdú faoi thrí huaire mhéid an deontais.  

Teorainneacha  

Tá an faoiseamh seo faoi réir na srianta ar infheisteoirí éighníomhacha agus na srianta ar shaothraithe ardioncaim. Tá sé faoi réir rialachán de minimis freisin. Ciallaíonn sé seo go bhfuil an faoiseamh uasta teoranta do €300,000 in aon tréimhse trí bliana. Cuimsíonn an teorainn seo aon chabhair eile (deontais nó faoiseamh cánach) ó fhoinsí de minimis.   

Roimh 2026, bhí an Faoiseamh Tráchtála teoranta do €200,000 in aghaidh an tionscadail. Ní raibh an faoiseamh ar fáil d'fhorbróirí maoine roimh 2026.  

Tréimhse Cháilitheach  

Is é an dáta a thosaíonn an Scéim TCB, nó an dáta a thosaíonn an LSA, tús na tréimhse cáilithí.   

Thosaigh na tréimhsí cáilitheacha le haghaidh Faoisimh Tráchtála ar:  

Féadtar faoiseamh TCB a éileamh suas go dtí an 31 Nollaig 2030.   

Chun tuilleadh eolais a fháil maidir le Faoiseamh Tráchtála, féach Tax and Duty Manual Part 10-13-01b.

Ar aghaidh: Litir um Dheimhniú