An Tionscnamh Cathrach Beo (TCB)
Faoiseamh Cónaitheachta Cíosa (Tiarna Talún)
Tá Faoiseamh Cónaitheachta Cíosa (Tiarnaí Talún) ann do dhaoine aonair nó do chuideachtaí:
- a dhéanann maoin a athrú nó a athchóiriú i Limistéar Athnuachana Speisialta (LSA) le linn na Tréimhse Incháilithe
- agus
- an mhaoin a ligean ar cíos le duine a bheidh ag cónaí ann.
Coinníollacha le haghaidh Faoisimh Cónaitheachta Cíosa (Tiarna Talún)
Chun cáiliú:
- Ní mór don mhaoin a bheith i LSA.
- Ní mór an mhaoin a bheith tógtha roimh 1975 (roimh an 1 Eanáir 2026, ba é an ceanglas maidir le haois na maoine ná go mbeadh sí tógtha roimh 1915).
- Ní mór Litir Dheimhnithe a bheith agat ó d’údarás áitiúil.
- Ní mór duit an mhaoin a ligean ar cíos le duine a bheidh ag cónaí ann
- agus
- ní mór do na costais athraithe nó athchóirithe a bheith níos mó ná €5,000.
Cén chaoi le héileamh a dhéanamh?
Féadtar faoiseamh a éileamh trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) don bhliain a thabhaítear an caiteachas trí Thuairisceán Cánach Ioncaim nó Cánach Corparáide a thíolacadh.
ButtonLink
Ráta an fhaoisimh
Tugtar faoiseamh mar liúntas caipitiúil in aghaidh ioncam cíosa.
Maidir le caiteachas cáilitheach:
- Roimh 2026:
- Tugtar liúntais thar 7 mbliana ag:
- 15% ar feadh 6 bliana
- agus
- 10% i mbliain 7.
- Féadtar liúntais neamhúsáidte a thabhairt ar aghaidh in aghaidh ioncam cíosa ar feadh suas le 7 mbliana.
- Ó 2026 ar aghaidh:
- Tugtar liúntais ag 50% in aghaidh na bliana ar feadh dhá bhliain.
- Féadtar liúntais neamhúsáidte a thabhairt ar aghaidh in aghaidh ioncam cíosa ar feadh suas le 10 mbliana.
Deontais
Féadfaidh sé go bhfuil tú i dteideal deontas i leith an chostais do mhaoin a athchóiriú nó a athrú. Nuair atá méid an fhaoisimh á ríomh agat, ní mór duit méid an deontais a fuarthas, nó atá infhaighte, a bhaint ó na costais cháilitheacha.
Má tá éileamh á dhéanamh agat do 2025 nó níos luaithe, ní mór duit na costais cháilitheacha a laghdú faoi thrí huaire mhéid an deontais.
Teorainneacha
Tá an faoiseamh seo faoi réir na srianta ar infheisteoirí éighníomhacha agus na srianta ar shaothraithe ardioncaim.
Tá an faoiseamh seo faoi réir rialachán de minimis freisin. Ciallaíonn sé seo go bhfuil an faoiseamh uasta teoranta do €300,000 in aon tréimhse trí bliana. Cuimsíonn an teorainn seo aon chabhair eile (deontais nó faoiseamh cánach) ó fhoinsí de minimis.
Roimh 2026, bhí faoiseamh faoin bhFaoiseamh Cónaitheachta Cíosa (Tiarna Talún) teoranta do €200,000 in aghaidh an tionscadail.
Ní raibh an faoiseamh seo ar fáil d'fhorbróirí maoine roimhe 2026.
Tréimhse Cháilitheach
Is é an dáta a thosaíonn an scéim TCB, nó an dáta a thosaíonn an LSA, tús na tréimhse cáilithí.
Thosaigh na tréimhsí cáilitheacha le haghaidh Faoisimh Cónaitheachta Cíosa (Tiarna Talún) ar:
- 01 Eanáir 2017
- 08 Aibreán 2026
Féadtar faoiseamh TCB a éileamh suas go dtí an 31 Nollaig 2030.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoi Fhaoiseamh Cónaitheachta Cíosa (Tiarna Talún), féach Tax and Duty Manual Part 10-13-01b.
Ar aghaidh: Faoiseamh maidir le Cónaí os cionn an tSiopa