An Tionscnamh Cathrach Beo (TCB)
Léargas ginearálta
Is scéim dreasachta cánach é Tionscnamh na Cathrach Beo (TCB) le haghaidh Limistéir Speisialta Athnuachana (LSA) i gCorcaigh, Baile Átha Cliath, Gaillimh, Cill Chainnigh, Luimneach agus Port Láirge.
Féadtar faoiseamh cánach a éileamh le haghaidh airgead a chaitheann tú ar mhaoine cónaithe nó tráchtála a athchóiriú nó a chomhshó.
Tá trí chineál faoisimh ar fáil faoin TCB:
- Faoiseamh Úinéara–Áititheoir Chónaithigh.
- Faoiseamh Cónaitheachta Cíosa (tiarna talún).
- Faoiseamh Tráchtála.
Tá coinníollacha éagsúla ag baint le faoiseamh a éileamh, ag brath ar cé acu an bhfuil maoin á hathchóiriú nó á comhshó, nó an chun críocha cónaithe nó tráchtála atá sé.
Tá an TCB á reáchtáil ó 5 Bealtaine 2015 i gcás an Fhaoisimh Úinéara–Áititheoir Chónaithigh agus an Fhaoisimh Thráchtála, agus ó 1 Eanáir 2017 i gcás an Fhaoisimh Chónaithe ar Cíos.
Tiocfaidh deireadh leis an scéim seo i gcás gach faoiseamh ar 31 Nollaig 2022. Níl ach obair athchóirithe agus obair chomhshó a dhéantar le linn na tréimhse seo incháilithe don fhaoiseamh.
Tugtar míniú sa rannán seo ar an gcineál oibre atá incháilithe agus an chaoi lena n-éilítear an faoiseamh.
Ar aghaidh: Sainmhínithe i dtaca leis an TCB