Do mhuirear Cánach Maoine Áitiúla (CMÁ) a íoc

Léargas ginearálta

Gheobhaidh tú eolas sa rannán seo ar an gcaoi le do mhuirear Cánach Maoine Áitiúla (CMÁ) a íoc.

Tá do mhuirear CMÁ bunaithe ar an mbanda luachála a roghnaíonn tú ar do Thuairisceán CMÁ. Ní mór duit do Thuairisceán CMÁ a thíolacadh do na Coimisinéirí Ioncaim  faoin 7 Samhain 2025. Cinneann an banda luachála a roghnaíonn tú do mhuirear CMÁ do na blianta 2026 go 2030.

Mar chuid de do thuairisceán CMÁ, ní mór duit an rogha íocaíochta CMÁ is fearr leat don bhliain 2026 a roghnú.

Tá réimse leathan modhanna ar fáil ó na Coimisinéirí Ioncaim chun CMÁ a íoc. Féadtar roghnú íocaíocht aonair amháin a dhéanamh nó d’íocaíochtaí a roinnt thar an mbliain. Féadfaidh tú duine eile a údarú chun d’íocaíochtaí a dhéanamh ar do shon freisin.

Roghanna íocaíochta ar líne

Is é an bealach is éasca chun do Mhuirear CMÁ a íoc ná ar líne. Tugann sé seo réimse leathan roghanna íocaíochta duit:

  • íocaíocht aonair ina hiomláine:
    • cárta dochair nó cárta creidmheasa
    • Treoir Dochair Bhliaintúil (ADI)
  • tráthíocaíochtaí chun d’íocaíochtaí a scaipeadh i rith na bliana:
    • dochar díreach míosúil
    • asbhaint ag an bhfoinse (ó do thuarastal, pá, pinsin cheirde, íocaíocht ón Roinn Coimirce Sóisialaí nó íocaíocht ón Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara).

Chun íocaíocht iomlán a dhéanamh, nó socraíocht tráthíocaíochtaí a dhéanamh, logáil isteach ar an tseirbhís CMÁ ar líne.

Chomh maith leis sin, féadtar íoc go hiomlán, nó ar bhonn céimnithe, trí sholáthraí seirbhíse íocaíochta ceadaithe (SSI). Is iad An Post agus Payzone na SSIanna ceadaithe. Féadtar é seo a chur ar bun ar an tseirbhís CMÁ ar líne, agus ina dhiaidh sin d'íocaíocht/íocaíochtaí a dhéanamh tríd an SSI.

Tabhair do d'aire

Má tá tú faoi dhliteanas na CMÁ le haghaidh níos mó ná maoin amháin, tá ort íoc trí cheann de na roghanna íocaíochta ar líne.

Tá impleachtaí ann mura n-íocann tú do mhuirear CMÁ. Chun tuilleadh eolais a fháil, féach Céard a tharlaíonn mura gcomhlíonann tú d'oibleagáidí?.

Ar aghaidh: Dátaí íocaíochta CMÁ le haghaidh 2025