Do Thuairisceán Cánach Maoine Áitiúla (CMÁ) a thíolacadh
Léargas ginearálta
Gheobhaidh tú eolas sa rannán seo maidir le conas do Thuairisceán CMÁ a thíolacadh. Is é do Thuairisceán CMÁ an fhoirm a úsáideann tú chun banda luachála do mhaoine a dhearbhú do na Coimisinéirí Ioncaim.
Má tá tú faoi dhlitenas CMÁ ar 1 Samhain 2025, ní mór duit:
- banda luachála do mhaoine a chinneadh do do mhaoin
- agus
- an luacháil seo a thíolacadh do na Coimisinéirí Ioncaim i do Thuairisceán CMÁ. Tá an tuairisceán seo dlite faoin 07 Samhain 2025.
Tabhair do d'aire
Tá síneadh ama curtha leis an spriocdháta don Tuairisceán Cánach Maoine Áitiúla go dtí 17:30 an 12 Samhain.
Tá do mhuirear CMÁ do na blianta 2026 go 2030 bunaithe ar an mbanda luachála a thíolacann tú i do thuairisceán CMÁ.
Chun eolas a fháil ar conas an banda luachála do do mhaoin a chinneadh, féach ‘Do mhaoin a luacháil’.
Tabhair do d'aire
Má tá tuairisceáin amuigh agat do thréimhsí roimhe seo, ba chóir duit iad seo a thíolacadh láithreach. Chun tuilleadh eolais a fháil, féach ‘Eolas faoin gCáin Mhaoine Áitiúil (CMÁ) le haghaidh 2022 go 2025’ agus 'Eolas faoin gCáin Mhaoine Áitiúil (CMÁ) le haghaidh 2013 go 2021'.
Ar aghaidh: Do Thuairisceán CMÁ a thíolacadh ar líne
Sínigh isteach ar CMÁ ar líne
Íoc do CMÁ, tíolaic do thuairisceáin nó priontáil d’admháil le haghaidh íocaíocht ar líne.
-
Ábhair ghaolmhara