Do Thuairisceán Cánach Maoine Áitiúla (CMÁ) a thíolacadh

Léargas ginearálta

Gheobhaidh tú eolas sa rannán seo maidir le conas do Thuairisceán CMÁ a thíolacadh. Is é do Thuairisceán CMÁ an fhoirm a úsáideann tú chun banda luachála do mhaoine a dhearbhú do na Coimisinéirí Ioncaim.

Má tá tú faoi dhlitenas CMÁ ar 1 Samhain 2025, ní mór duit:

  • banda luachála do mhaoine a chinneadh do do mhaoin
  • agus
  • an luacháil seo a thíolacadh do na Coimisinéirí Ioncaim i do Thuairisceán CMÁ. Tá an tuairisceán seo dlite faoin 07 Samhain 2025.

Tá do mhuirear CMÁ do na blianta 2026 go 2030 bunaithe ar an mbanda luachála a thíolacann tú i do thuairisceán CMÁ.

Chun eolas a fháil ar conas an banda luachála do do mhaoin a chinneadh, féach ‘Do mhaoin a luacháil’.

Tabhair do d'aire

Má tá tuairisceáin amuigh agat do thréimhsí roimhe seo, ba chóir duit iad seo a thíolacadh láithreach. Chun tuilleadh eolais a fháil, féach ‘Eolas faoin gCáin Mhaoine Áitiúil (CMÁ) le haghaidh 2022 go 2025’ agus 'Eolas faoin gCáin Mhaoine Áitiúil (CMÁ) le haghaidh 2013 go 2021'.

Ar aghaidh: Do Thuairisceán CMÁ a thíolacadh ar líne