Íoc agus tíolaic

I measc rialacha Cholún a Dó tá Riail maidir le Cuimsiú Ioncaim (RCI) agus Riail maidir le hÍocaíochtaí Faoi Thearc-Cháin (RÍFTC). Ceadaíonn an riail do dhlínsí Cáin Bhreisiúcháin Náisiúnta Cháilithe (CBNC) a thabhairt isteach.

Tuairisceán RCI agus féinmheasúnú

Ní mór do mháthaireintitis ábhartha atá faoi réir na cánach breisiúcháin RCI Tuairisceán RCI agus féinmheasúnú a thíolacadh. Ní mór é seo a dhéanamh taobh istigh de 15 mhí ó dheireadh na bliana fioscacha. Síntear an tréimhse seo go 18 mí don chéad bhliain fhioscach a bhfuil an t-eintiteas i raon feidhme. Ní mór an tsuim chánach atá dlite a íoc ag an am chéanna a thíolactar an tuairisceán.

Is é an spriocdháta Íoca agus Tiolactha ná an 3o Meitheamh 2026. Beidh eintitis in ann íoc agus tíolaic trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) go luath in 2026. Chun tuilleadh eolais a fháil, féach Príomhdhátaí agus nuashonruithe

Tuairisceán RÍFTC agus féinmheasúnú

Ní mór do mháthaireintitis RÍFTC ábhartha atá faoi réir na cánach breisiúcháin RCI Tuairisceán RÍFCT agus féinmheasúnú a thíolacadh. Ní mór é seo a dhéanamh taobh istigh de 15 mhí ó dheireadh na bliana fioscacha. Síntear an tréimhse seo go 18 mí don chéad bhliain fhioscach a bhfuil an t-eintiteas i raon feidhme. Ní mór an tsuim chánach atá dlite a íoc ag an am chéanna a thíolactar an tuairisceán.

D'fhéadfadh feidhm a bheith ag socruithe tuairiscithe simplithe i ndáil leis an gcáin bhreisiúcháin RÍFTC. Féadfaidh gach comheintiteas de ghrúpa Ilnáisiúnta Fiontar (FIN) atá faoi réir cánach breisiúcháin RÍFTC a roghnú grúpa RÍFTC a bhunú.

Ní mór do bhaill an ghrúpa RÍFTC ball amháin a cheapadh le bheith ina thíolaiceoir grúpa RÍFTC. Ní mór don tíolaiceoir grúoa RÍFTC Tuairisceán RÍFTC a ullmhú agus a sheachadadh i leith gach baill den ghrúpa RÍFTC don bhliain fhioscach. Tá na socruithe céanna íoca agus tíolactha i bhfeidhm amhail is dá mba eintiteas aonair a thíolaic an tuairisceán. 

Is é an spriocdháta Íoca agus Tiolactha ná an 3o Meitheamh 2026. Beidh eintitis in ann íoc agus tíolaic trí ROS go luath in 2026. Chun tuilleadh eolais a fháil, féach Príomhdhátaí agus nuashonruithe

Tuairisceán CBNC agus féinmheasúnú

Ní mór do mháthaireintitis Éireannacha atá faoi réir na cánach breisiúcháin náisiúnta Tuairisceán CBNC agus féinmheasúnú a thíolacadh. Ní mór é seo a dhéanamh taobh istigh de 15 mhí ó dheireadh na bliana fioscacha. Síntear an tréimhse seo go 18 mí don chéad bhliain fhioscach a bhfuil an t-eintiteas i raon feidhme. Ní mór an tsuim chánach atá dlite a íoc ag an am chéanna a thíolactar an tuairisceán. 

D'fhéadfadh feidhm a bheith ag socruithe tuairiscithe simplithe i ndáil leis an gcáin bhreisiúcháin náisiúnta. Féadtar grúpa CBNC a bhunú le toghchán trí:

  • gach comheintiteas de ghrúpa FIN,
  • gach comheintiteas de ghrúpa mórscála intíre
  • an comhfhiontar, móide na cleamhnaithe comhfhiontair go léir de chomhfhiontar.

Ní mór do bhaill an ghrúpa CBNC ball amháin a cheapadh le bheith ina thíolaiceoir grúpa CBNC. Ní mór don tíolaiceoir grúoa CBNC Tuairisceán CBNC a ullmhú agus a sheachadadh i leith gach baill den ghrúpa CBNC don bhliain fhioscach. Tá na socruithe céanna íoca agus tíolactha i bhfeidhm amhail is dá mba eintiteas aonair a thíolaic an tuairisceán.

Is é an spriocdháta Íoca agus Tiolactha ná an 3o Meitheamh 2026. Beidh eintitis in ann íoc agus tíolaic trí ROS go luath in 2026. Chun tuilleadh eolais a fháil, féach Príomhdhátaí agus nuashonruithe.