Aeriompróirí agus muiriompróirí (seachas báid farantóireachta)
Léargas ginearálta
Níl an Ríocht Aontaithe ina ball den Aontas Eorpach (AE) a thuilleadh. Ón 1 Eanáir 2021, caithfidh gnóthaí Éireannacha cloí le dualgais custam nuair atá earraí á mbogadh chuig, ó nó tríd an mBreatain Mhór.
Aontaíodh an Comhaontú Trádála agus Comhair idir an AE agus an Ríocht Aontaithe agus cuireadh i bhfeidhm é go sealadach ar an 1 Eanáir 2021. Tar éis toiliú ó Pharlaimint na hEorpa, tháinig an Comhaontú i bhfeidhm an 1 Bealtaine 2021.
Tabhair do d’aire
Ní bhaineann róil agus freagrachtaí aeriompróirí agus muiriompróirí a leagtar amach sa chuid seo ach le hearraí a thrádáil leis an mBreatain Mhór amháin. Ní bhaineann siad le trádáil le Tuaisceart Éireann.
Féadtar tuilleadh eolais ar thrádáil le Tuaisceart Éireann a fháil in Eolas ar an mBreatimeacht do ghnóthaí ag trádáil le Tuaisceart Éireann.
Ar aghaidh: Earraí a iompar isteach go hÉirinn ón mBreatain Mhór