An Breatimeacht agus athruithe CBL

Léargas ginearálta

Ní ballstát den Aontas Eorpach (AE) í an Bhreatain Mhór a thuilleadh. 

Ciallaíonn sé seo go bhfuil feidhm ag na rialacha trádála le tríú tír maidir le trádáil leis an mBreatain Mhór. Tá impleachtaí aige seo ó thaobh na Cánach Breisluacha (CBL). Tugtar achoimre sa rannán seo ar roinnt athruithe ar chóir duit a bheith ar an eolas fúthu.

Tabhair do d’aire

Leantar ag caitheamh le Tuaisceart Éireann (TÉ) mar Bhallstát AE chun críche CBL ar earraí. Ní chaitear le TÉ mar Bhallstát chun críche CBL ar sheirbhísí.

Ar aghaidh: Impleachtaí CBL ar thrádáil leis an mBreatain Mhór tar éis na hidirthréimhse