Tuairiscí Custam agus Máil ar Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS)

Tá tuairiscí ar chuntais ríomh-Custam ar fáil anois ar Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) do chustaiméirí atá cláraithe le haghaidh ROS agus Custaim agus Máil.

Imríonn an áis tuairisce nua tionchar ar dhearbhuithe an Chórais Iompórtála Uathoibríoch (CIU agus an Chórais Easpórtála Uathoibrithe (AES) trí níos mó faisnéise a chur ar fáil i bhfíor-am.

Tabhair do d’aire

Tá an Córas nua ríomhchuntais Chustaim ag feidhmiú ón 06 Márta 2023 don CIU agus ón 21 Márta 2023 i gcás AES.

Is iad seo a leanas na príomhathruithe a tugadh isteach:

  • oibríonn ár seirbhís breisithe airgid 24/7
  • tuairisciú fíor-ama
  • ní chuirtear tuairiscí ar fáil ach don iompórtálaí agus don íocóir
  • agus
  • nuair atá fáil air, glacann an córas airgead tirim, sula n-asbhaintear é ó chuntas iarchurtha an chustaiméara.

Tá na tuairiscí C&M ar fáil do thrádálaithe ar ROS

Fiosrú ar iarmhéid

Ligeann an áis seo duit féachaint ar an iarmhéid iarchurthana agus airgid thirim le haghaidh dearbhuithe Custam, Máil agus Cánach Cláraithe Feithiclí (CCF).

Tuairisc íocaíochta

Tá ceithre áis tuairisce ar leith ar fáil maidir le híocaíochtaí a dhéantar in ROS:

  • Liosta na n-íocaíochtaí aonair a rinne tú in ROS.
  • Liosta na n-íocaíochtaí a rinne tú laistigh d'achar ama sonraithe in ROS.
  • Liostaí íocaíochta seachtainiúla - sonraí na n-íocaíochtaí a rinneadh chuig do chuntas TAN in ROS an tseachtain roimhe sin.
  • agus
  • Fógra um íocaíocht bosca isteach ROS sa chás go ndéanann custaiméir do TAN a bhreisiú.

Tuairisc TAN C&M le haghaidh dearbhuithe a thíolactar in CIU d'íocóirí

Léirítear sa tuairisc seo dearbhuithe a bhfuil tionchar airgeadais acu ar

  •  do chuntas TAN C&M - tuairisc ar chánacha comhcheangailte
  • i gcás ina bhfuil dearbhuithe neamhíoctha ann.

Tabhair do d’aire

Is tuairisc achoimre agus tuairisc ar chineál cánach iad na tuairiscí eile atá ar fáil.

Tuairisc TAN C&M le haghaidh dearbhuithe a tíolacadh in CIU d'iompórtálaithe

Is tuairisc sonraithe na tréimhse í seo. Liostaítear ann gach dearbhú ina gcuirtear cáin le chéile le haghaidh dleachta, CBL ar dhleacht, mál, CBL ar mháil agus CBL iarchurtha.

Tuairisc CBL iarchurtha d'iompórtálaithe

Cuireann an tuairisc seo liosta ar ais den leagan is déanaí de dhearbhuithe le CBL iarchurtha le haghaidh tréimhse roghnaithe.

Tuairisc dearbhaithe neamhíoctha d'íocóirí

Cuireann an tuairisc seo liosta ar ais de na dearbhuithe gníomhacha uile nár íocadh.

Tuairisc TAN C&M le haghaidh dearbhuithe a tíolacadh in AES d'easpórtálaithe

Cuireann an tuairisc seo liosta dearbhuithe ar ais inar ghníomhaigh tú mar easpórtálaí le haghaidh tréimhse roghnaithe.

Liostaí idirbhirt seachtainiúil C&M

Sonraítear sa liosta idirbheart seachtainiúil gach dearbhú neamh-CIU a tíolacadh don tseachtain roimhe sin le d'uimhir EORI luaite mar an t-iompórtálaí.

Dearbhú míosúil C&M agus ráiteas íocaíochta

Ní tháirgtear ráitis mhíosúla ach i leith an íocóra. Taispeánann an ráiteas seo sonraí na ndearbhuithe a raibh tionchar acu ar chuntas TAN C&M an íocóra don mhí roimhe sin. Tá sonraí faoi íocaíochtaí agus creidmheasanna isteach sa chuntas nó amach as san áireamh ann.

Tuilleadh eolais

Féadtar tuilleadh eolais a fháil i dtuairiscí  TAN C&M.

Tá líne chabhrach á hoibriú ag na Coimisinéirí Ioncaim le haghaidh fiosruithe.