Custaiméirí ÍMAT – Próiseas deireadh bliana
Tuairisceán Cánach Ioncaim
Tabhair do d'aire:
I gcás custaiméirí féinmheasúnaithe agus féinfhostaithe, féach Do thuairisceán cánach a thíolacadh.
I gcás custaiméirí ÍMAT, féach an t-eolas thíos.
An bealach is tapúla agus is éasca chun Tuairisceán Cánach Ioncaim a chomhlánú ná trí Seirbhísí ÍMAT in moChúrsaí.
Chun creidmheasanna breise cánach a éileamh, nó ioncam breise i leith bliain roimhe a dhearbhú, ní mór duit Tuairisceán Cánach Ioncaim a chomhlánú. Féadtar é seo a dhéanamh ach na céimeanna seo a leanúint:
- Sínigh isteach ar moChúrsaí agus an Fíorú Dhá Chéim (2FA) a chomhlánú.
- Cliceáil ar an nasc ‘Déan athbhreithniú ar do cháin 2019-2022’ faoin gcluaisín Seirbhísí ÍMAT.
- Roghnaigh ‘Tíolaic do Thuairisceán Cánach Ioncaim’ don bhliain chuí.
Ní mór do custaiméirí uile faoin gcóras Íoca Mar a Thuillir (ÍMAT) Tuairisceán Cánach Ioncaim a chomhlánú chun:
- éileamh a dhéanamh i leith creidmheasanna, faoisimh nó costais bhreise
- ioncam breise a dhearbhú
- Ráiteas Dliteanais don bhliain a fháil
- éileamh a dhéanamh ar aisíocaíochtaí cánach nó an Mhuirir Shóisialaigh Uilíoch (MSU) ró-íoctha
- aon dliteanas cánach nó MSU gearríoctha a dheimhniú.
Físeán ar 'How to request a Statement of Liability and complete an Income Tax Return'.
Teorainneacha ama
Ní mór tíolacthaí an Tuairisceán Cánach Ioncaim a dhéanamh taobh istigh de cheithre bliana ó dheireadh na bliana cánach lena mbaineann an tuairisceán. Ó Eanáir 2023, féadfaidh tú Tuairisceán Cánach Ioncaim do na blianta 2019-2022 a thíolacadh.
Ar aghaidh: Ráiteas Dliteanais