Rabhadh: Camscéim ríomhphoist is déanaí

Tá na Coimisinéirí Ioncaim ar an eolas faoi ríomhphoist agus teachtaireachtaí téacs SMS calaoiseacha an tseachtain seo a mhaíonn gurb ó na Coimisinéirí Ioncaim a sheoltar iad.  Tá faisnéis phearsanta á lorg ó cháiníocóirí i gcuid díobh seo (ainm, seoladh, dáta breithe), é sin agus lorgaítear sonraí cártaí creidmheasa, cártaí dochair nó cuntais bainc i ndáil le haisíocaíocht chánach nó aisíocaíocht faoi fhóirdheontas pá. Níor eisigh na Coimisinéirí Ioncaim na ríomhphoist ná na teachtaireachtaí téacs seo.

Ní sheolann na Coimisinéirí Ioncaim ríomhphoist ná teachtaireachtaí téacs riamh ina n-éilítear ar chustaiméirí faisnéis phearsanta a sheoladh trí ríomhphost, trí téacs ná trí phreabfhuinneoga.

Aon duine a fhaigheann ríomhphost nó teachtaireacht téacs ó na Coimisinéirí Ioncaim agus a cheapann gur calaois nó camscéim é, ba chóir dóibh iad a scriosadh. Ba chóir do dhuine ar bith atá ag feitheamh le haisíocaíocht chánach nó aisíocaíocht faoin bhfóirdheontas pá teagmháil a dhéanamh leis an oifig de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim is áitiúla dóibh chun an stádas a fhiosrú.

Má thug tú faisnéis phearsanta mar fhreagra ar na ríomhphoist nó teachtaireachtaí téacs calaoiseacha seo, ba chóir duit teagmháil a dhéanamh le do bhanc nó le do chomhlacht cárta creidmheasa gan mhoill.

Féach an leathanach ar Chúrsaí slándála le haghaidh tuilleadh eolais.