Suirbhé na gCoimisinéirí Ioncaim ar FBE

Tá suirbhé á reáchtáil ag Aonad Taighde Eacnamaíochta na gCoimisinéirí Ioncaim ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBM). Is é cuspóir ár suirbhé ná tuiscint a fháil ar thuairimí cáiníocóirí. Cabhróidh sé linn caighdeán na seirbhíse a chuireann muid ar fáil a fheabhsú.

Má roghnaítear thú le haghaidh an tsuirbhé, gheobhaidh tú ríomhphost ag iarraidh ort ár suirbhé gearr ar líne a dhéanamh faoin 03 Meitheamh 2022.

Ní iarrtar faisnéis airgeadais ná pearsanta inár suirbhé.

Ní iarrfaidh na Coimisinéirí Ioncaim riamh a leithéid d’fhaisnéis a thabhairt i ríomhphoist ná i suirbhé.

Polasaí na gCoimisinéirí Ioncaim é gan ríomhphoist a eisiúint agus naisc chuig suíomhanna idirlín iontu. Tá eisceacht déanta againn, áfach, don suirbhé seo. Tá aiseolas ó chustaiméirí ríthábhachtach chun cabhrú linn caighdeán ár seirbhíse a fheabhsú.

Má bhíonn aon imní ort i ndáil leis an suirbhé, déan teagmháil le surveys@revenue.ie.