Gluaiseachtaí RóRó - Éascú sealadach don Dearbhú Iontrála Achomair

Tar éis rannpháirtíochta fairsinge le trádáil agus gnó, tá sé soiléir go bhfuil líon suntasach gnóthaí ag tíolacadh dearbhuithe custam, a thugann na Máistir-Uimhir Thagartha bainteacha ar ais taobh istigh de chúpla soicind, agus táthar á n-úsáid le Fógra Réamhbhordála (FRB) cuí a chruthú agus a chur isteach gan aon fhadhb. Tá córais TFC na gCoimisinéirí Ioncaim ag oibriú go hiomlán, socair agus ag feidhmiú mar a beartaíodh, agus na mílte dearbhuithe custam próiseáilte le cúpla lá anuas.

Aithníonn na Coimisinéirí Ioncaim, áfach, go bhfuil deacrachtaí ag roinnt gnóthaí a ndearbhú sábháilteachta agus slándála ENS a thíolacadh i leith gluaiseachtaí RóRó earraí. Mar fhreagra air seo, tá éascú sealadach á chur i bhfeidhm ag na Coimisinéirí Ioncaim leis na deacrachtaí reatha seo a laghdú. As seo amach, féadtar an MUT seo a leanas a úsáid ar bhonn sealadach mar MUT do Dhearbhú Iontrála Achomair nuair nach féidir leat é a ghiniúint mar gheall ar easpa eolais thábhachtaigh nó mar gheall ar bhaic eile a chuireann cosc ort próiseas an Dearbhaithe Iontrála Achomair a chomhlánú. Éascóidh sé seo d’fhoirmiúlachtaí custam a chomhlánú, an FRB a chruthú agus a chur isteach agus ar deireadh dul ar bord an bháid farantóireachta le d’earraí a iompar.

Sonraí MUT an ENS = 21IE99900000000001

Má roghnaítear úsáid a bhaint as an áis sealadach seo, cuirfidh sé sin iúl do na Coimisinéirí Ioncaim go bhfuil cabhair de dhíth ort. Má bhaineann tú leas as an áis seo, iarrtar ort sonraí teagmhála a chur ar fáil chuig ENSenquiry@revenue.ie. Cuireadh sain-fhoireann de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim ar bun le treoir phraiticiúil a chur ar fáil do thrádáil agus ghnó le cur le scileanna na mball foirne le cinntiú go bhféadann na gnóthaí uile a bhfuil deacrachtaí acu faoi láthair dearbhú ENS a chomhlánú an cumas a fháil dearbhuithe ENS a thíolacadh tar éis an tréimhse éascaithe shealadaigh. Beidh an fhoireann seo i bhfeidhm ón 8 Eanáir agus beidh siad ar fáil ó Luain go hAoine ó 8.00 go 17.00.

Tá súil againn go ndéanfaidh trádáil agus gnó a bhfuil fíordheacrachtaí acu a chuireann bac orthu an próiseas ENS a chomhlánú teagmháil leis na Coimisinéirí Ioncaim ar bhealach comhoibritheach lena ndeacrachtaí a shárú. Má loictear teagmháil a dhéanamh, féadfaidh sé go dtarraingeofar siar an t-éascú sealadach seo agus dá bhrí sin, moltar go mór teagmháil luath a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim.

Cuimhnigh go bhfuil na bealaí reatha cabhracha fós ar fáil le haghaidh fiosruithe, is iad sin: