Feithiclí athláimhe iompórtáilte ón Ríocht Aontaithe

Tá na Coimisinéirí Ioncaim ar an eolas gur tharraing Gníomhaireacht Ceadúnaithe Tiománaithe agus Feithiclí na Ríochta Aontaithe (Driver and Vehicle Licensing Agency) siar an Deimhniú Easpórtála Buaine (Certificate of Permanent Export) ón gciorclaíocht. Ba rogha eile é seo in áit an deimhnithe clárúcháin V5 chaighdeánaigh (V5 Registration Certificate) chun críocha feithicil a athchlárú sa Stát. Uaidh seo amach, ní bheidh údaráis na Ríochta Aontaithe ag eisiúint ach deimhnithe V5 le daoine atá cónaitheach sa Ríocht Aontaithe.

Meabhraítear do chustaiméirí go dteastaíonn doiciméid clárúcháin eachtracha nuair atá feithicil athláimhe á cur i láthair le haghaidh clárúcháin sa Stát. Chomh maith leis sin meabhraítear do chustaiméirí nach mór na doiciméid a bheith i dteannta na feithicle. Diúltófar clárúchán d’fheithiclí a chuirtear i láthair gan na doiciméid chearta uile.

Ba chóir a thabhairt faoi deara go leanfaidh na Coimisineirí Ioncaim de ghlacadh le Deimhniú Easpórtála Buaine sa chás go gcuirtear i láthair é.