Cuir isteach ar dheontas breosla le haghaidh eagraíochtaí cáilitheacha

Leis an tseirbhís deontais breosla, ceadaítear d’eagraíochtaí ceadaithe faoin  Scéim um Thiománaithe agus Paisinéirí faoi Mhíchumas deontas breosla a éileamh. Tá oiread agus 4,100 lítear ar fáil faoin deontas seo gach bliain. Ní mór don fheithicil a bheith ceadaithe ar an scéim ar feadh tréimhse 12 mhí roimh an Deontas Breosla a éileamh.   

Ní mór duit a bheith cláraithe le haghaidh Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) chun teacht ar an tseirbhís.

An méid a theastaíonn chun an tseirbhís a úsáid

Chun an tseirbhís a úsáid, is gá an méid seo a leanas a bheith agat:

  • uimhir tagartha cánach d'eagraíochta
  • sonraí na feithicle
  • líon na lítear a bhfuil tú ag éileamh an deontas breosla ina leith
  • sonraí cuntais bainc.

Cén chaoi le teacht ar an tseirbhís

Féadtar teacht ar an tseirbhís trí ROS, ach na céimeanna seo a leanúint:

  • Cliceáil ar an gcluaisín ‘Mo Sheirbhísí Féin’ ón bpríomh-roghchlár ROS.
  • Cliceáil ar an gcárta ‘Tiománaithe & Paisinéirí faoi Mhíchumas’.