Treoir Dochair Dhírigh Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) a bhunú

Leis an tseirbhís RDI, féadtar do chuid sonraí cuntais bainc a chlárú chun íocaíochtaí aon uaire a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim. Ní mór don chuntas bainc a bheith comhlíontach ó thaobh an Limistéir Aonair d’Íocaíochtaí Euro (SEPA) de.

Le RDI, is tusa a dhéanann suim na híocaíochta a chinneadh. Is é an réamhshocrú don dáta íocaíochta ná an dáta dlite. Más mian leat íocaíocht a dhéanamh níos luaithe ná seo, féadtar an dáta íocaíochta a athrú.

Ní leor RDI a chruthú, is gá duit an t-idirbheart a údarú chomh maith. Leis seo, féadann na Coimisinéirí Ioncaim an t-airgead a asbhaint ó do chuntas bainc.  

Cé dó an tseirbhís seo?

Tá an tseirbhís seo ann do cháiníocóirí féinmheasúnaithe agus do chuideachtaí nó comhpháirtíochtaí (custaiméirí ROS). Féadann gníomhairí an tseirbhís RDI a úsáid thar ceann a gcliant.

An méid a theastaíonn chun an tseirbhís a úsáid

Chun an tseirbhís a úsáid, is gá an méid seo a leanas a bheith agat:

  • ainm an tsealbhóra cuntais
  • Uimhir Idirnáisiúnta Cuntais Bainc (IBAN) agus Cód Aitheantais Bainc (BIC) an chuntais bainc atá comhlíontach le SEPA.

Cén chaoi le teacht ar an áis íocaíochta

Féadtar teacht ar an tseirbhís seo trí ROS ach na céimeanna seo a leanúint:

  • Ón bpríomh-roghchlár ROS, cliceáil ar an gcluaisín ‘Mo Sheirbhísí Féin’.
  • Faoin rannán ‘Íocaíochtaí & Aisíocaíochtaí’, cliceáil ar an gcnaipe ‘Bainistigh Cuntais Bhainc’.
  • Faoi ‘Treoir Dochair ROS’, cliceáil ar an gcnaipe ‘RDIanna a riar’.
  • Roghnaigh an cnaipe ‘Treoir Dochair ROS’ agus comhlánaigh na sonraí cuntais bainc don Treoir atá le húsáid.

Nuair a bheidh na sonraí seo curtha isteach ar líne agat, ligfear duit íocaíocht a dhéanamh láithreach. I gcás íocaíochtaí dleachta stampa, tabhair trí lá oibre dó sula n-úsáideann tú é.