Iarratas a dhéanamh ar dhíolúine chánach i gcás carthanas nó comhlachtaí spóirt

Leis an tseirbhís ar líne seo, féadann carthanais agus comhlachtaí spóirt iarratas a dhéanamh ar dhíolúine chánach.  

Féadann carthanais iarratas a dhéanamh ar dhíolúine chánach má tá siad:

Féadtar tuilleadh eolais a fháil sa rannán Díolúine chánach do charthanais.

Féadann comhlachtaí spóirt iarratas a dhéanamh ar fhaoiseamh cánach más é:

  • an t-aon chuspóir ná chun cluiche nó spórt, lúthchleasach nó amaitéarach a chur chun cinn
  • agus
  • go n-úsáidtear na cistí uile chun na críche seo.

Féadtar tuilleadh eolais a fháil sa rannán Díolúine chánach do chomhlachtaí spóirt.

Cé dó an tseirbhís seo?

Is do charthanais agus comhlachtaí spóirt an tseirbhís seo, atá ag déanamh iarratas le haghaidh díolúine chánach ó íocaíochtaí áirithe.

Cén chaoi le teacht ar an tseirbhís chun díolúine chánach a éileamh

Féadtar teacht ar an tseirbhís seo trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS), agus an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • Sínigh isteach ar ROS.
  • Téigh chuig an rannán 'Seirbhísí Eile' i gcluaisín 'moChúrsaí'.
  • Roghnaigh 'Ríomh-Iarratais Carthanas agus Comhlachtaí Spóirt'.
  • Lean treoracha mar atá leagtha amach.