Upload supporting documents

Féadann custaiméir doiciméid tacaíochta a uaslódáil trí moChúrsaí.

Cé dó an tseirbhís seo?

Tá an tseirbhís seo ann do dhuine ar bith ar mian leo doiciméid a uaslódáil mar thacaíocht lena n-éileamh i leith na gcreidmheasanna agus na bhfaoiseamh cánach seo a leanas:

  • Creidmheas cánach i leith leanbh éagumasaithe
  • Creidmheas cánach na ndall
  • Liúntas i leith madra cuiditheach
  • Liúntas i leith madra treorach
  • Stádas sibhialta
  • Ranníocaíocht Shaorálach Bhreise (RSB)
  • Cuntas Coigiltis Scoir Pearsanta (CCSP)
  • Conradh Blianachta Scoir (CBS).

Cén chaoi leis an tseirbhís a úsáid

Féadtar an tseirbhís seo a úsáid trí ‘Doiciméid Tacaíochta a Uaslódáil’ a roghnú ar an gcárta ‘Bainistigh Mo Thaifead’ in moChúrsaí.

Féadtar suas le cúig dhoiciméad a uaslódáil.

Ní fhéadtar ach doiciméad amháin a roghnú le huaslódáil ag aon am agus ba chóir nach sáródh gach doiciméad 2MB. Na formáidí comhaid a nglactar leo ná:

  • PDF
  • JPEG
  • JPG
  • DOC
  • DOCX
  • PNG.

Cén chaoi le teacht ar an tseirbhís

Féadtar teacht ar an tseirbhís trí moChúrsaí:

  • ar an gcárta ‘Bainistigh Mo Thaifead’, roghnaigh ‘Doiciméid Tacaíochta a Uaslódáil’
  • cliceáil ar ‘Doiciméad nua a chur leis’
  • roghnaigh an chatagóir ar mian leat doiciméid a uaslódáil ina leith agus cliceáil ar ‘Ar aghaidh’
  • cuardaigh do chomhad
  • cliceáil ‘Uaslódáil’.