Tuairisceáin na Cánach Maoine Áitiúla le haghaidh 11 mhaoin nó níos mó a thíolacadh

Féadann tú do Thuairisceán CMÁ a thíolacadh ar líne, trí moChúrsaí nó ar Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) Mura bhfuil tú cláraithe le haghaidh ceachtar díobh seo, féadfaidh tú teacht ar an tseirbhís tríd an tSeirbhís ar líne CMÁ.

Chun teacht ar an tseirbhís trí moChúrsaí:

  • sínigh isteach ar moChúrsaí
  • ar an gcárta ‘Seirbhísí Maoine’, cliceáil ar ‘Cáin Maoine Áitiúil (CMÁ)’

Chun teacht ar an tseirbhís trí ROS:

  • sínigh isteach ar ROS
  • Cliceáil ar an nasc ‘Bainistigh Riaráistí CMÁ/MT’ agus tógfaidh sé seo thú go dtí do liosta maoine 
  • cliceáil ar an UA Maoine.

Chun teacht ar an tseirbhís trís CMÁ ar líne go díreach:

  • Cliceáil ar CMÁ ar líne
  • cuir isteach d’Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (UPSP), UA Maoine agus UAP
  • cliceáil 'Logáil Isteach'.

Tuairisceáin CMÁ a thíolacadh le haghaidh 11 mhaoin nó níos mó

Tar éis duit rochtain ar do thaifead CMÁ, léireofar an tréimhse CMÁ reatha ar do scáileán.

Chun Tuairisceáin CMÁ do 11 mhaoin nó níos mó a thíolacadh:

  • cliceáil ar an gcluaisín ‘Íoslódáil Maoine’
  • comhlánaigh na sonraí Tuairisceáin CMÁ do gach mhaoin ar an teimpléad a chuirtear ar fáil
  • tar éis an teimpléad a chomhlánú, uaslódáil an comhad le sonraí do mhaoine uile ag baint úsáid as an rogha ‘uaslódáil’.