Feidhmchláir mhóibíleacha agus as líne
Tá an chuid is mó de na tuairisceáin ar fáil ar líne agus is iondúil gurb é seo an rogha comhdaithe is éasca. Ní mór, áfach, mór roinnt tuairisceán a shábháil as líne agus ansin iad a uaslódáil chuig ár seirbhísí ar líne. Féach ar an leathanach Roghanna Ullmhaithe Tuairisceáin chun tuilleadh eolais a fháil.
Déanann an leathanach seo cur síos ar chuid de na roghanna as líne atá ar fáil.
Áis Ullmhaithe Tuairisceáin (AUT)
Leis an AUT, féadtar roinnt foirmeacha a ullmhú as líne. Tar éis iad a chomhlánú, ní mór na foirmeacha seo a uaslódáil trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS). Féach ar na rannáin chabhrach:
Feidhmchlár As Líne ROS
Leis an bhFeidhmchlár As Líne ROS, féadtar roinnt foirmeacha a ullmhú as líne. Tar éis iad a chomhlánú, ní mór na foirmeacha seo a uaslódáil trí ROS. Féach ar na rannáin chabhrach:
Déan íocaíocht le haghaidh Cáin Ioncaim as líne
Tá sé indéanta do threoir íocaíochta Cánach Ioncaim a ullmhú leis an bhFeidhmchlár As Líne ROS. Féadtar an íocaíocht a dhéanamh le Treoir Dochair ROS (RDI).
Beidh an méid seo a leanas ag teastáil uait
- d’uimhir thagartha Cánach Ioncaim
- agus
- RDI a bheith socraithe suas roimh ré.
Nuair a bheidh sé comhlánaithe, féadtar an fhoirm seo a uaslódáil trí do chuntas ROS.