Maidir le ROS

  1. Léargas ginearálta
  2. Céard is ROS ann?
  3. Céard is deimhniú digiteach ROS ann

Céard is deimhniú digiteach ROS ann

Tá slándáil ROS bunaithe ar dheimhniú digiteach ROS. Is comhad P12.BAC criptithe é a íoslódáiltear agus a shábháiltear ar do ríomhaire nó gléas móibíleach.  Tar éis do dheimhniú a íoslódáil, tugtar ainm agus pasfhocal dó. Tá rochtain ar an deimhniú agus pasfhocal ag teastáil chun logáil isteach ar ROS.

Níl aon ghá an deimhniú a phriontáil amach, níl ort ach a chinntiú go bhfuil an comhad deimhnithe sábháilte ar do ríomhaire nó gléas móibíleach.

Tá deimhnithe Digiteacha ROS bailí ar feadh suas le dhá bhliain.  Iarrfar ort do deimhniú a athnuachan sula dtéann sé in éag.

Cén chaoi a bhfaighim deimhniú digiteach ROS?

Ní mór duit a bheith cláraithe le haghaidh cáin a bhaineann le gnó agus na céimeanna clárúcháin a chomhlánú. 

Má chailleann tú do dheimhniú digiteach nó do phasfhocal, ba chóir duit iarratas a dhéanamh ar dheimhniú nua.  Tá Athshocraigh Logáil isteach ROS mar rogha agat, nó féadfaidh sé go mbeidh ort dul i dteagmháil linn.

Cén chaoi le deimhniú digiteach ROS a athnuachan ?

Má tá an deimhniú digiteach dlite le hathnuachan, iarrfar ort athnuachan a dhéanamh nuair a logálann tú isteach ar ROS.  Iarrfar ort an pasfhocal a athrú agus gheobhaidh tú deimhniú nua, nach mór duit a shábháil ar do ghléas.  Beidh an t-ainm céanna ag do dheimhniú athnuaite le pasfhocal difriúil ó do dheimhniú roimhe seo agus beidh sé  bailí suas le dhá bhliain.

Má tá aon deacrachtaí agat deimhniú a athnuachan, bain triail as ár moltaí .