Cén chaoi le clárú le haghaidh ROS

Riarthóir ROS

Tugtar míniú sna rannáin thíos ar an gcaoi leis na trí chéim clárúcháin ROS a chomhlánú.

Féadann daoine aonair atá cláraithe cheana féin le haghaidh moChúrsaí nó myGovID Céim 1 agus 2 a thabhairt le chéile chun an clárúchán a dhéanamh níos tapúla.  Féadtar é seo a dhéanamh ach an rogha ‘Cláraigh le haghaidh ROS’ a úsáid in moChúrsaí chun leanúint ar aghaidh lena ndeimhniú digiteach a íoslódáil.

Is é an Riarthóir ROS an duine a íoslódálann an chéad deimhniú don duine aonair nó don eintiteas. Beidh teacht iomlán acu ar an uile fheidhm agus taifead ROS le haghaidh an chuntais ROS sin. Féadtar úsáideoirí breise a shocrú (fo-úsáideoirí) tar éis don Riarthóir ROS teacht ar ROS.

Céim 1: Cuir isteach ar RAN

Téigh chuig Cláraigh le haghaidh ROS áit a bhfeicfidh tú na trí chéim clárúcháin.

Chun tuilleadh eolais a fháil féach ar na treoirleabhair:

Físeán maidir le Céim 1 a chomhlánú

Céim 2: Cuir isteach ar dheimhniú digiteach

Chun tuilleadh eolais a fháil féach ar na treoirleabhair:

Físeán maidir le Céim 2 a chomhlánú

Céim 3: Íoslódáil agus Sábháil do dheimhniú digiteach

Chun tuilleadh eolais a fháil féach ar na treoirleabhair:

Físeán maidir le Céim 3 a chomhlánú

 

Ar aghaidh: Do dheimhniú digiteach a shábháil