Athshocraigh logáil isteach le haghaidh ROS
Más tusa an Riarthóir ROS agus má tá deacrachtaí agat le logáil isteach ar ROS:
Má leanann tú ar aghaidh leis an rogha seo, cuirfear gach deimhniú fo-úsáideora agus ceangailte ar fionraí.
Ní bheidh fáil ar an rochtain uile ar ROS go dtí go ndéanann tú deimhniú nua Riarthóra a íoslódáil.
Féadfaidh sé go mbeidh ort dul chuig an gcluaisín Riarachán Seirbhísí in ROS agus na fo-úsáideoirí a athbhunú.
Chun do Logáil Isteach le haghaidh ROS a athshocrú is gá an méid seo a leanas a dhéanamh:
- dhá cheist slándála a fhreagairt
- do sheoladh ríomhphoist nó uimhir fóin póca, mar atá ar an gcluaisín Próifíl ROS, a dheimhniú chun an próiseas a chomhlánú.
Mura bhfuil ceisteanna slándála socraithe agat nó má tá do shonraí teagmhála as dáta, déan teagmháil leis an Deasc Chabhrach ROS.
Chun tuilleadh eolais a fháil ar an gcaoi le do logáil isteach le haghaidh ROS a athshocrú féach ar an treoirleabhar:
Físeán ar an Logáil Isteach le haghaidh ROS a Athshocrú