Feithiclí a iompórtáil ón mBreatain Mhór agus Tuaisceart Éireann

Faoiseamh ar Earraí Aisdúichithe

Féadfaidh sé go mbeidh feithiclí a easpórtáladh ar dtús ón Aontas Eorpach (AE) chuig an Ríocht Aontaithe incháilithe don Fhaoiseamh ar Earraí Aisdúichithe faoi rialacha custaim an AE (Cód Custam an Aontais). Féadtar sonraí ar an gcritéir cháilitheachta a fháil ar Returned Goods Relief and movement of vehicles.

Ní mór éileamh ar earraí aisdúichithe a dhéanamh ar an dearbhú iompórtála. Ní mór don éilitheoir a chruthú go gcáilíonn an fheithicil don fhaoiseamh. Tugann an Faoiseamh ar Earraí Aisdúichithe faoiseamh ó dhleachtanna custam. Ní thugann sé faoiseamh ó mhuirear iompórtála na Cánach Breisluacha (CBL) ach amháin má dhéanann an t-eintiteas céanna a rinne an fheithicil a easpórtáil ar dtús ón AE a athiompórtáil.

Ar aghaidh: Feithiclí ó Thuaisceart Éireann a chlárú