Feithiclí a iompórtáil ón mBreatain Mhór agus Tuaisceart Éireann

Feithiclí cláraithe gan chruthúnas ar dhearbhú do chustaim i dTuaisceart Éireann

Mura bhfuil cruthúnas agat ar dhearbhú do Chustaim i dTuaisceart Éireann:

  • ní mór duit Dearbhú Custam a chomhlánú
  • agus
  • Cáin Bhreisluacha (CBL) a íoc ag an standard rate agus Dleacht Custam, nuair is infheidhmithe.

Ní mór é seo a dhéanamh roimh an bhfeithicil a chur i láthair le haghaidh clárúcháin.

Le linn feithicil a chur ar fáil le haghaidh clárúcháin ag ionad na Seirbhíse Náisiúnta Tástála Carranna (SNTC), déanfar seiceáil le cinntiú go bhfuil Dearbhú Custam comhlánaithe i ndáil leis an bhfeithicil. Ní mór an Uimhir Aitheantais Feithicle (UAF) a chur san áireamh ar an Dearbhú Custam chun go bhféadtar an tseiceáil seo a dhéanamh. Beidh ort an méid seo thíos a chur ar fáil chomh maith:

  • an doiciméad clárúcháin eachtrach (an V5C ón Ríocht Aontaithe)
  • cóip den Dearbhú Custam lena n-áirítear uimhir thagartha an Dearbhaithe Custam (an MUT)
  • agus
  • aon doiciméid tacaíochta eile.